Eoin 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Acht do chuaidh Íosa go cnoc na nOla‐chrann. 2 Agus tháinig sé isteach sa teampall arís go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige, agus do shuidh sé síos, agus do bhí sé g á dteagasc. 3 Agus thug na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh leo bean go rugadh uirthi i n‐adhaltranas; agus ar n‐a cur ’n‐a seasamh i láthair, 4 adubhradar leis, A Mháighistir, rugadh ar an mnaoi seo i n‐adhaltranas, sa ngníomh féin. 5 Agus d’órduigh Maois sa dlighe dhúinn a leithéid seo do chur chum báis ag gabháil de chlochaibh uirthi: créad deirir‐se? 6 Acht g‐á thriail adubhradar é sin, le súil go bhféadfaidís rud éigin do chur ’n‐a leith. Acht do chrom Íosa síos, agus do bhí sé ag scríobhadh le n‐a mhéir ar an talamh. 7 Agus mar leanadar ag cur na ceiste air, d’éirigh sé suas agus adubhairt sé leo, Cibé duine agaibh atá gan pheacadh, caitheadh seisean an chéad chloch léi. 8 Agus do chrom sé síos arís, agus do scríobh sé ar an talamh. 9 Agus nuair do‐chualadar sin, d’imthigheadar ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, na daoine ba shine ar dtús, go dtí an duine deiridh, agus do fágadh Íosa ’n‐a aonar, agus an bhean ’n‐a seasamh ’n‐a láthair. 10 Annsin d’éirigh Íosa suas, agus adubhairt sé léi, A bhean, cá bhfuil siad? An amhlaidh nár dhaor aoinneach thú? 11 Adubhairt sise, Níor dhaor, a Thighearna. Agus adubhairt Íosa, Ní mó dhaoraim‐se thú: imthigh, agus ná déan aon pheacadh arís.] 12 Annsin do labhair Íosa leo arís, g‐á rádh, Is mise solas an domhain, an té leanas mé ní siubhalfaidh sé i ndorchadas, acht béidh solas na beathadh aige. 13 Agus adubhairt na Fairisínigh leis, Atá tú ag tabhairt fiadhnaise id’ thaobh féin, ní fhuil t’fhiadhnaise fírinneach. 14 D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Bíodh go bhfuilim ag déanamh fiadhnaise im’ thaobh féin, atá m’fhiadhnaise fírinneach, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá bhfuilim ag dul; acht ní fhuil a fhios agaibh‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá bhfuilim ag dul. 15 Do‐bheir sibh‐se breith de réir na feola; ní thugaim‐se breith ar aoinneach. 16 Agus má bheirimse breith féin, tá mo bhreith fíor: óir ní fhuilim im’ aonar, acht atá mise agus an t‐Athair do chuir uaidh mé i n‐éinfheacht. 17 Agus fós, atá scríobhtha ’n‐bhúr ndlighe‐se, gur fírinneach fiadhnaise beirte. 18 Is mise do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh féin, agus an t‐Athair do chuir uaidh mé, do‐bheir seisean fiadhnaise im’ thaobh. 19 Agus adubhradar leis, Cá bhfuil t’Athair? D’fhreagair Íosa, Ní fhuil aithne agaibh orm‐sa ná ar m’Athair: dá mbéadh aithne agaibh orm‐sa, do bhéadh aithne agaibh ar m’Athair, chómh maith. 20 Do labhair Íosa na briathra sin i n‐áit an chiste, agus é ag teagasc sa teampall: agus níor chuir aon duine lámh air, óir ní raibh a uair tagtha fós. 21 Agus adubhairt sé leo arís, Atáim‐se ag imtheacht, agus béidh sibh ’gam’ lorg, agus gheobhaidh sibh bás ’n‐bhúr bpeacadh; an áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadfaidh sibh‐se teacht ann. 22 Agus adubhairt na h‐Iúdaigh, An amhlaidh mhuirbhfeas sé é féin, go n‐abrann sé, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul ní fhéadfaidh sibh‐se teacht ann? 23 Agus adubhairt sé leo, Ó’n áit thíos daoibh‐se, ó’n áit thuas damh‐sa: de’n tsaoghal so sibh‐se, ní de’n tsaoghal so mise. 24 Ar an adhbhar sin adubhairt mé libh, go bhfaighidh sibh bás ’n‐bhúr bpeacaidhibh: óir muna gcreideann sibh gur mise é, gheobhaidh sibh bás ’n‐bhúr bpeacaidhibh. 25 Uime sin adubhradar leis, Cia thú féin? Adubhairt Íosa léo, Cad chuige dhom bheith ag labhairt libh, ar chor ar bith? 26 Atá mórán agam le rádh agus le breathnú ’n‐bhúr dtaobh: acht an té do chuir uaidh mé atá sé fíor; agus na neithe do‐chualas uaidh‐sean, is iad sin na neithe labhraim leis an saoghal. 27 Níor thuigeadar gur i dtaobh an Athar do bhí sé ag cainnt. 28 Uime sin adubhairt Íosa, Nuair árdócaidh sibh Mac an Duine, béidh a fhios agaibh annsin gur mise é, agus nach ndéanaim éinnidh uaim féin, acht gur fá mar theagaisc an t‐Athair dom, labhraim na neithe seo. 29 Agus an té do chuir uaidh mé atá sé im’ fhochair; níor fhág sé im’ aonar mé; óir do‐ghním i gcómhnaidhe na neithe thaithnigheas leis. 30 Ar n‐a rádh sin dó, do chreid mórán daoine ann. 31 Agus adubhairt Íosa leis na h‐Iúdachaibh do chreid ann, Má chlaoidheann sibh lem’ bhriathraibh, go fírinneach is deisceabail agam sibh; 32 agus aithneochaidh sibh an fhírinne, agus saorfaidh an fhírinne sibh. 33 D’fhreagradar é, De shíol Abrachaim sinne, agus ní rabhamar riamh ’n‐ár seirbhiseachaibh ag aon duine: cionnas adeirir‐se, Saorfar sibh? 34 D’fhreagair Íosa iad, Go fírinneach adeirim libh, Duine ar bith do‐ghní peacadh is seirbhíseach do’n pheacadh é. 35 Agus ní fhanann an seirbhíseach sa teaghlach de shíor: fanann an Mac de shíor. 36 Ar an adhbhar sin, má shaorann an Mac sibh, béidh sibh saor dá ríribh. 37 Atá a fhios agam gur de shíol Abrachaim sibh; acht atá sibh ag iarraidh mise do mharbhadh, de bhrigh nach bhfaghann mo bhriathra slighe ionnaibh. 38 Labhraim‐se i dtaobh a bhfaca mé i bhfochair m’Athar: agus do‐ghní sibh‐se, leis, na neithe dochualabhar ó bhúr n‐Athair. 39 D’fhreagradar‐san agus adubhradar leis, Is é Abracham ár nAthair‐ne. Adubhairt Íosa leo, Dá mba chlann d’Abracham sibh, do‐ghéanadh sibh oibreacha Abrachaim. 40 Acht atá sibh anois ag iarraidh mise do mharbhadh, duine d’innis daoibh an fhírinne do‐chuala mé ó Dhia: ní dhearna Abracham sin. 41 Do‐ghní sibh oibreacha bhúr n‐athar. Adubhradar‐san leis, Ní clann bastairt sinne, atá aon athair amháin againn, Dia. 42 Adubhairt Íosa leo, Dá mba é Dia bhúr n‐athair, do bhéadh grádh agaibh damh‐sa: óir is ó Dhia tháinig mé, agus is uaidh thigim, agus ní uaim féin tháinig mé, acht ba eisean do chuir uaidh mé. 43 Cad chuige nach dtuigeann sibh mo chainnt? De bhrigh nach bhfuil ar chumas daoibh éisteacht lem’ bhriathraibh. 44 Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é. 45 Acht de bhrigh go labhraim‐se an fhírinne, ní chreideann sibh mé. 46 Cia aca dhíbh‐se chuireas peacadh im’ leith? Má labhraim an fhírinne, cad chuige nach gcreideann sibh mé? 47 An té is ó Dhia éisteann sé le briathraibh Dé: is uime sin nach n‐éisteann sibh, óir ní ó Dhia sí. 48 D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat? 49 D’fhreagair Íosa, Ní fhuil deamhan ionnam‐sa; acht do‐bheirim onóir dom’ Athair, agus do‐bheir sibh‐se easonóir dhamh‐sa. 50 Acht ní h‐í m’onóir féin loirgim‐se: atá Aon loirgeas agus do‐bheir breith. 51 Go fírinneach adeirim libh, Má choimhéadann duine ar bith mo bhriathar, ní fheicfidh sé bás go deoidh. 52 Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Atá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionnat. Atá Abracham marbh, agus na fáidhe, agus adeir tusa, Má choimhéadann duine mo bhriathar‐sa, ní bhlaisfidh sé bás go deoidh. 53 An mó tusa ’ná ár n‐athair Abracham atá marbh? agus atá na fáidhe marbh: cia h‐é a deir tusa gur tú, mar sin? 54 D’fhreagair Íosa, Má bheirim glóir dhom féin, is neamh‐nidh mo ghlóir: is é m’Athair do‐bheir glóir dhom; an té adeir sibh‐se gur ab é bhúr nDia é; 55 agus ní fhuil aithne agaibh‐se air: acht atá aithne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní fhuil aithne agam air, béidh mé im’ bhréagaire chómh maith libh‐se: acht atá aithne agam air, agus coimhéadaim a bhriathar. 56 Ba gheal le bhúr n‐athair Abracham go bhfaca sé mo lá, agus do chonnaic sé é, agus bhí áthas air. 57 Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Ní fhuil caogadh bliadhain d’aois agat fós, agus an bhracatusa Abracham? 58 Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Sara rugadh Abracham, atáim‐se ann. 59 Annsin do thógadar clocha le caitheamh leis: acht do chuaidh Íosa i bhfolach, agus d’imthigh sé as an teampall. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society