Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VIII. An bhean a fuaradh ag déanamh adhaltranais. Críost á dheimhniú gur ceart a theagasg.

1 Ansan do chuaidh Íosa amach go cnoc Olibhet.

2 Agus tháinig sé isteach sa teampul airís go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir ag triall air agus do shuidh sé agus bhí sé ’ghá dteagasg.

3 Agus thug na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh leó bean gur rugadh uirthi i n-adhaltranas, agus chuireadar ’n-a seasamh i láthair í,

4 Agus dubhradar leis: A Mháighistir, do rugadh ar an mnaoi seo anois agus í ag déanamh adhaltranais.

5 Agus tá órduighthe ag Maois dúinn sa dlígh a leithéid seo do chur chun báis le gabháil do chlochaibh inti. Cad deirir-se?

6 Ach ’ghá thriail iseadh a dubhradar an chaint sin le h-ionachus go bhféadfaidís rud éigin a chur ’n-a leith. Agus do chrom Íosa síos agus bhí sé ag sgrí le n-a mhéir ar an dtalamh.

7 Agus do leanadar ag cur na ceiste chuige. Ansan d’eirigh sé suas agus dubhairt sé leó: An duine agaibh atá gan pheaca caitheadh sé an chéad chloch léi.

8 Agus do chrom sé síos airís agus bhí sé ag sgrí ar an dtalamh.

9 Nuair a dh’airigheadar an focal d’imthigheadar ’n-a nduine ’s ’n-a nduine, na seanóirí ar dtúis; agus do fágadh Íosa i n’ aonar agus an bhean ’n-a seasamh i láthair.

10 Ansan d’eirigh Íosa suas, agus dubhairt sé leis an mnaoi: A bhean, cá bhfuil na daoine a bhí ag cur ad’ leith? An amhlaidh nár dhaor aoinne thu?

11 Agus dubhairt sí: Níor dhaor, a Thighearna. Agus dubhairt Íosa: Ní dhaorfad-sa thu ach chómh beag. Imthigh, agus as so amach ná dein an peaca airís.

12 Agus ansan do labhair Íosa airís agus dubhairt sé: Mise solus an domhain; an t-é a leanfaidh mé ní shiubhlóchaidh sé sa doircheacht, ach beidh aige solus na beatha.

13 Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Taoí-se ag déanamh fiadhnaise ort féin; Ní’l t’fhiadhnaise fírinneach.

14 D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh go bhfuilim-se ag déanamh fiadhnaise orm féin tá m’fhiadhnaise fírinneach, óir is eól dom cá dtánag agus cá bhfuilim ag dul; ach ní h-eól daoibh-se cá dtánag ná cá bhfuilim ag dul.

15 Tugann sibh-se breith do réir na feóla; ní thugaim-se breith ar aoinne.

16 Agus má bheirimh-se breith, tá mo bhreith fíor, óir ní h-am’ aonar atáim, ach mé féin agus an t-é a chuir uaidh mé, an t-Athair.

17 Agus tá sgríobhtha i nbhúr ndlígh-se go bhfuil fiadhnaise ó bheirt fíor.

18 Is mise a thugann fiadhnaise orm féin, agus tá an t-Athair, a chuir uaidh mé, ag tabhairt fiadhnaise orm.

19 Agus dubhradar leis: Cá bhfuil t’Athair? Agus d’fhreagair Íosa: Ní’l aithne agaibh orm-sa agus ní lúgha ’ná mar atá aithne agaibh ar m’Athair; dá mbeadh aithne agaibh orm-sa bh’fhéidir go mbeadh aithne agaibh ar m’Athair, leis.

20 Do labhair Íosa na focail sin i n-áit choimeádtha an chiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor rug aoinne air, mar ní raibh a thráth tagaithe fós.

21 Agus dubhairt Íosa leó: Táim-se ag imtheacht, agus beidh sibh-se a’m lorg, agus gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca; an áit ’n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh sibh-se teacht ann.

22 Agus dubhairt na Iúdaigh: An amhlaidh a mharbhóchaidh sé é féin, go ndubhairt sé, An áit ’n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh sibh-se teacht ann?

23 Agus dubhairt sé leó: Ó’n áit thíos sibh-se, ó’n áit thuas mise; de’n tsaoghal so sibh-se, ní de’n tsaoghal so mise.

24 Uime sin adubhart libh, gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeacaíbh; óir mura gcreididh sibh gur mise é gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca.

25 Agus dubhradar leis: Cé h-é thu? Dubhairt Íosa leó: An Tusach, atá anois féin ag caint libh-se.

26 Tá a lán agam le rádh agus le breithniú i nbhúr dtaobh; ach tá an t-é a chuir uaidh mé fíor; agus na neithe a dh’airigheas-sa uaidh siniad na neithe a labhraim sa tsaoghal.

27 Agus níor thuigeadar go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a Athair.

28 Agus dubhairt Íosa leó: Nuair a dh’árdóchaidh sibh suas Mac an Duine, ansan iseadh bheidh fhios agaibh gur mé é, agus ná deinim nídh ar bith uaim féin, ach gur fé mar a theagaisg m’Athair dom a labhraim na neithe seo.

29 Agus an t-é a chuir uaidh mé tá sé am’ fhochair agus níor fhág sé am’ aonar mé, óir deinim i gcómhnuighe na neithe a thaithneann leis.

30 Nuair a labhair sé na neithe sin do chreid a lán daoine ann.

31 Agus dubhairt Íosa leis na Iúdaigh a chreid ann: Má fhanann sibh ar mo bhriathar is fíordheisgiobuil agam sibh feasda;

32 Agus cuirfidh sibh eólus ar an bhfírinne, agus saorfaidh an fhírinne sibh.

33 D’fhreagradar é: Is de shíol Ábrahaim sinn, agus ní rabhamair riamh i n-ár ndaoraibh ag aoinne; conus a deirir-se, Saorfar sibh?

34 D’fhreagair Íosa iad: Go deimhin deimhin adeirim libh, gach aoinne a dheineann an peaca tá sé ’n-a dhaor ag an bpeaca.

35 Ní fhanann an daor sa teaghlach do shíor, ámhthach; ach fanann an mac sa teaghlach do shíor.

36 D’á bhrígh sin, má shaorann an mac sibh beidh sibh saor dáiríribh.

37 Tá fhios agam gur de shíol Ábrahaim sibh. Ach ní foláir libh mise chur chun báis, mar ní bhfaghann mo bhriathar slígh ionaibh.

38 Labhraim-se an nídh a chonac i bhfochair m’Athar; agus deineann sibh-se neithe a chonacabhair i bhfochair bhúr n-athar féin.

39 D’fhreagradar agus dubhradar leis: Isé Ábraham ár n-athair-ne. Dubhairt Íosa leó: Má’s clann d’Ábraham sibh deinidh oibreacha Ábrahaim.

40 Ach anois ní foláir sibh mise mharbú, duine a labhrann libh an fhírinne a dh’airigheas ó Dhia; níor dhein Ábraham san.

41 Deineann sibh-se obair bhúr n-athar féin. Agus dubhradar leis: Ní h-a’ drúis a geineadh sinne; tá aon athair amháin againn, Dia.

42 Ansan dubhairt Íosa leó: Dá mb’ é Dia bhúr n-athair bheadh grádh agaibh dómh-sa; óir do ghluaiseas-sa ó Dhia agus do thánag uaidh; óir ní h-uaim féin a thánag, ach do chuir seisean uaidh mé.

43 Cad ’n-a thaobh ná h-aithnigheann sibh mo chaint? Mar ní fhéadann sibh m’ urlabhra d’aireachtaint.

44 Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é.

45 Ach nuair a dh’innsim-se an fhírinne ní chreideann sibh mé.

46 Cé’cu agaibh a chuirfidh peaca am’leith? Má innsim an fhírinne dhaoibh cad ’n-a thaobh ná creideann sibh mé?

47 An t-é is ó Dhia éisteann sé le bréithribh Dé. Isé cúir ná h-éisteann sibh-se leó mar ní h-ó Dhia sibh.

48 Agus d’fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar: Nach maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus go bhfuil deamhan ionat?

49 D’fhreagair Íosa: Ní’l deamhan ionam-sa, ach tugaim onóir do m’Athair, agus tá easonóir tabhartha agaibh-se dhómh-sa.

50 Ach nílim-se ag lorg mo ghlóire féin; tá aon a loirgeann agus a thugann breith.

51 Go deimhin deimhin adeirim libh, má choimeádann aon duine mo bhriathar ní fheicfidh sé bás go deó.

52 Ansan dubhairt na Iúdaigh: Tá fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham marbh, agus na fáidhe, agus deirir-se, Má choimeádann duine mo bhriathar-sa ní bhlaisfidh sé bás go deó.

53 An amhlaidh is mó de dhuine thusa ’ná ár n-athair Ábraham, atá tar éis bháis? Agus táid na fáidhe tar éis bhais. Cé h-é thusa, dar leat?

54 D’fhreagair Íosa: Má thugaim-se glóire dhom féin is neamhnídh mo ghlóire. Isé m’Athair a thugann glóire dhom, an t-é a deir sibh-se gur b’é bhúr nDia é;

55 Agus ní’l aithne agaibh air; ach tá aithne agam-sa air. Agus má deirim ná fuil aithne agam air beidh mé mar sibh-se, ag rád an éithigh. Ach tá aithne agam air, agus táim ag cómhlíonadh a bhriathair.

56 Ba mhór ag bhúr n-athair Ábraham go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Do chonaic, agus bhí áthas air.

57 Ansan dubhairt na Iúdaigh: Ní’l caogad blian d’aoís fós agat, agus chonaicís Ábraham?

58 Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, táim-se ann ó roimh Ábraham a bheith ann.

59 Ansan do thógadar na clocha chun iad do chaitheamh leis; ach do cheil Íosa a chló ortha agus d’imthigh sé amach as an dteampul.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí