Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh.
Agus do taisbéanadh dhóibh teangtha sgoiltighe mar theine, noch do shuidh air gach áon dióbh. Ar a nadhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus a fhios aige go dtug Día móid dhó maille lé mionnuibh, go dtóigfeadh sé Críosd súas, do shíol a leasruighsion, do réir na féola, agus go ccuirfeadh sé na shuídhe ann a chatháoirsean é; Ar na réumhfhaicsin dó do labhair sé a dtimcheall eiséirghe Chríosd, nach bhfúigfithi a anam a nifearn, agus nach bhfaicfeadh a cholann trúailleadh. Do thóg Día an Tiosaso súas, agus atámáoidne uile an bhfíadhnuisibh air. Ar a nadhbharsin ar na bhreith súas lé láimh dheis Dé, agus ar bhfagháil an Spioraid Náoimh do reir gheallamhna a Nathar, do dhóirt sé amach an nísi, do chíthísi a nois agus do chluintí. Oír ní dheachuidh Dáibhi súas air neamh: gidheadh a deir sé, A dubhairt an Tighearna rém Thighearnasa, Suídh ar mo láimh dheis, Nó go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh. Uime sin bíodh a fhios go dearbhtha ag tigh Israél uile, go ndearnuidh Día Tighearna agus Críosd, do Níosasa do chrochabhairsi. Agus ar na chloinsin so dhóibh, do goineadh ann a gcroidhe íad, agus a dubhradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluibh, A fheara agus a bhráithreacha, créud do dhéunam? Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh. Oír is dáoibhsi do rinneadh an gealladh, agus dá bhar gcloinn, agus dá gach nduine a ccían, eadhon gach áon ghoirfeas ar Dtighearna Día. Agus do bhádar uile ar na liónadh don Spiorad Náomh, agus do thosuigheadar labhairt lé teangthuibh eile, do réir mar thug an Spiorad labhairt dhóibh.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.
Agus áiteochuidh spiorad an TIGHEARNA air, spiorad na heagna agus na tuigse, spiorad na comhairle agus na cumhacht, spiorad a neóluis agus eagla an TIGHEARNA;
Ar a nadhbharsin, más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thabhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don during íarrfas air é?
Achd as é an Tighearna an Sbíorad sin: agus gidh bé hionad ann a bhfuil Sbiorad an Tighearna, atá sáoirse ann sin.
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Agus cuirfe mé mo spíorad ionnuibh a stigh, agus do bhéara mé oruibh siubhal ann mo reachtaibh, agus coimhéadfuidhe mo reachta, agus do dhéantaoi íad.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse.
Achd an tan thiocfus seisean, Spiorad na fírinne, tréorochaidh sé sibh chum gach uile fhírinne: óir ní úadh féin laibhéoras sé; achd laibhéoruidh sé, na huile neithe chluinnfeas sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atá chum teachda. Do bhéura seisean glóir dhamhsa: óir dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoillséochas sé dhíbhsi.
Oír atá a fhios agum go rachuid so chum slánuighthe dhamh tré bhur núrnuighthese, agus tré chungnadh iomlán Sbioruide Iósa Críosd,
Agus atámáoidne ar bhríadhnuisibh dhó ar na neíthibhse a deirmíd; agus maran gcéudna an Spiorad Náomh, nóch thug Día dón druing úmhlaigheas dó.
Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna;
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
Noch thrídsean chreideas a Ndía, do thóg súas é ó mharbhuibh, agus tug gloir dhó; ionnus go mbeith bhur gcreideamh agus bhur muinighin a Ndía.
Oír bí míanghus na colla a nadhuigh na Sbíoruidhe a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile: ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh?
Más ionmhuin libh misi, coimhéuduidh maitheanta. Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth; Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh.
Ionnus go dtíubhradh sé dhibh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith láidir neartmhar tré na Sbioruid sa duine don táobh a stigh; Ionnus go ndéanadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ann bhur gcroidhthibh:
Gidheadh achd do fhoillsigh Día dhúinne íad tré na Spioraid: oír sgrúdáighe an Spiorad na huile neithe, agus fós, neithe doimhne Dé.
An ní atá ar na gheineamhuin on bhfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na gheineamhuin on Spiorid is spiorad é.
Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse. Achd atá a fhíos ag sgrúdaigheóir na gcroidheadh cred é toil na Spioruide, óir is do réir thola Dé ghuidheas sé ar son na náomh.
Oír cía hé an neach aga bhfuil fios na neitheann is lé duine, achd amháin ag an spioraid atá sa duine? as mar an gcéudna ní bhfuil fios na neitheann is ré Día ag áoinneach, achd amháin ag Spioraid Dé.
Ionnus go dtíubhradh Día ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsighe dháoibh chum eision dadmháil:
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Annsin do fhreagair seision agus do labhair sé riomsa, ag rádh, Ise so briathar an TIGHEARNA re Serubbabel, ag rádh, Ní lé slúagh, nó lé cumhachdaibh, acht lé mo spioraidse, a deir TIGHEARNA na slógh.
Múin damh do thoil do dhéanamh; óir is tú mo Dhía: tréoruigheadh do dheighspiorad mé, a steach a ttalamh an díorghuis.
Is Spiorad Día: agus an dream adhras é as éigin dóibh a adhra a spioraid agus a bhfírinne.
A né nach bhfuil a fhios aguibh gur sibh teampoll Dé, agus go gcómhnuigheann Shiorad Dé ionnaibh?
Is as so aithnighemíd sinn do bheith ar gcómhnuighe annsan, agus eisean ionnuinne, do bhrígh go dtug sé dhuinn tiodhluice na Sbioruide.
A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh? A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha? Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh.
Agus do bhádar uile ar na liónadh don Spiorad Náomh, agus do thosuigheadar labhairt lé teangthuibh eile, do réir mar thug an Spiorad labhairt dhóibh.
Achd an tan thiocfus seisean, Spiorad na fírinne, tréorochaidh sé sibh chum gach uile fhírinne: óir ní úadh féin laibhéoras sé; achd laibhéoruidh sé, na huile neithe chluinnfeas sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atá chum teachda.
Oír an tí choimhéudas a aitheanta comhnuighe sé ann, agus eisean annsan. Agus is as so aithnighemíd eisean do bheith na chomhnuighe íonnuinn, as an Sbioruid tug sé dhúinn.
Achd ní bhfuiltísi do réir na féola, achd do réir na Spioruide, má atá Spiorad Dé na comhnuidhe ionnuibh. Achd gidh bé nach a bhfuil Spiorad Chríosd aige, ní lé Críosd an duine sin.
Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna. Agár ab é is geall connartha dar noighreachdne go teachd duinne a seilbh ar sáoirsi, chum moltá a ghlóiresion.
Gidh bé chreideas ionnamsa, mar a dubhairt an sgrioptúir, lingfid srotha duisge bhéo as a bhroinn. (Do labhair sé so a dtimcheall na Spioraide, do ghlacfaidís na dáoine do chreidfeadh ann san: oír ní raibh an Spiorad Náomh ar na thabhairt fós; ar son nach raibh Iósa fós ar na ghlórughadh.)
Ar mbeith fós do Pheadar ag labhairt na mbríatharsa, do thuirrling an Spiorad Náomh ar gach áon da ccúalaidh an bhríathar. Agus na creidmhighe don timcheallghearradh tháinic ré Peadar, do ghabh uathbhás íad, do bhrígh gur dóirteadh fós ar na Cineadhachaibh tiodhlacadh an Spioraid Naóimh. Oír do chúaladar íadsan ag labhairt lé teangthaibh, agus ag adhmholadh Dé. Do fhreagair Peadar an tan sin, An féidir do neach ar bith uisge do thoirmeasg, do chum nach baisfi íad só, noch do ghabh an Spiorad Náomh chomhmaith rinne?
Noch fós do chuir séula oruinn, agus tug comhartha daingnighthe na Sbioruide ann ar gcroidhthibh.
Agus ná cuiridh doilgheas ar Sbioruid náomtha Dé, lér cuireadh séula oruibh go lá an fhúasgluighthe.
Gidheadh ní hé spiorad an tsáoghail, do ghabhamairne chugainn, achd an spiorad atá ó Dhía; ionnus go mbíadh fios na neitheann aguinn noch do tíodhlaiceadh dhúinn ó Dhía. Noch fhoillsighemid mar an gcéudna, ní a mbríathraibh theaguisgeas an gliocas dáonna, achd a mbríathraibh theaguisgeas an Spiorad Náomh; ag coimhcheangal na neitheann spioradálta ré chéile.
Agus do bhrígh go bhfuiltí bhur gcloinn, do chuir Día úadh ann bhur gcroidhthubh Spiorad a Mhic féin, ghoireas, Abbá, Athair.
A dubhairt sé ríu, Nar ghabhabhuir an Spiorad Náomh ó chreideabhair? Agus a dubhradarsan ris, Ní chúalamar a noiread sin féin go bhfuil Spiorad Náomh ann.
Do fhreagair Iósa, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé. An ní atá ar na gheineamhuin on bhfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na gheineamhuin on Spiorid is spiorad é.
Agus tíocfuigh chum críche ann sna laéthibh déigheanacha (a deir Día,) dóirtfidh mé dom Spiorad féin air gach uile fheóil: agus do dhéunuid bhur mic agus bhur ningheana fáidheadóireachd, agus do chífid bhur nógánaigh taisbéunta, agus bhur seandáoine aislingthe: Agus fós doirtfidh mé dom Spiorad féin ar mo shearbhfhoghantuidhibh agus air mo bhanóglachuibh ann sna laéthibhsin; agus do dheanuid faidheadoireachd:
Ionnus go dtíubhradh sé dhibh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith láidir neartmhar tré na Sbioruid sa duine don táobh a stigh;
Ar mbeith do Dhía ag déunamh coimhfhíadhnuise ríu, maille ré cómharthuibh agus ré hiongantuibh, agus ré súbhailcibh éugsamhla, agus ré tiodhlaicibh an Sbiorad Náoimh, do réir a thola féín?
Ta Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh,
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte;
Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh.
Agus ar ndul síos dóibh, do ghuidheadar ar a son, do chum go ngéubhaidis chuca an Spiorad Náomh: (Oír níor thuirrling sé fós ar éinneach aca: achd amháin do baisdeadh íad a nainm an Tighearna Iósa.) Ann sin do chuireadar lámha orrtha, agus do ghabhadar an Spiorad Naomh chuca.
Ionnus go dtiucfadh beannachdadh Abraham chum na Gcineadhach a Niósa Críosd; chum sinne dfagháil geallamhna na Spioruide tré chreideamh.
Dár foillsigheadh, nach dóibh féin achd dúinne do dhéunaidís miniosdrálachd na neitheann, atá a nois ar na bhfoillsiughadh dhíbhse leis an druing lér seanmóruigheadh an soisgéul díbh trés an Spiorad náomh do cuireadh ó neamh a núas; na neithe is mían ris na hainglibh fhaicsin.
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair. Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn:
Agus ar mbeith dhóibh ag minisdrálachd don Tighearna, agus deanamh trosga, a dubhairt an Spiorad Náomh, Cuiridh air leith dhamh Barnabas agus Sául fa chomhair na hoibre chum ar ghoir mé íad.
Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Ar a nadhbharsin an tí chuireas a neamhshuin na neithesi, ní a nduine atá neamhshúim aige, achd a Ndía, noch fós tug dhúinne a Sbiorad náomhtha féin.