Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 13:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Nuair a bhí siad ag adhradh Dé ina dtroscadh, dúirt an Spiorad Naomh, “Cuirigí Barnabas agus Sáúl i leataobh dom le haghaidh na hoibre ar thogh mé iad lena déanamh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus le linn dóibh a bheith ag friothálamh do’n Tighearna, agus ag déanamh troscaidh, dubhairt an Spiorad Naomh leo: Cuirigidh ar leith damh Saul agus Barnabas fá choinne na h-oibre chun ar ghoir mé iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus ag friotháileamh gnótha an Tighearna, agus ag déanamh troscaidh dhóibh, adubhairt an Spiorad Naomh, Cuiridh i leathtaoibh Barnabas agus Saul le h‐aghaidh na h‐oibre chum a bhfuil siad ceaptha agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus ar mbeith dhóibh ag minisdrálachd don Tighearna, agus deanamh trosga, a dubhairt an Spiorad Náomh, Cuiridh air leith dhamh Barnabas agus Sául fa chomhair na hoibre chum ar ghoir mé íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus bhíodar ag déanamh gnótha an Tighearna agus ag déanamh trosgaidh agus dubhairt an Spioraid Naomh leó: Deighlighidh chugham Saul agus Barnabas chun na h-oibre d’á bhfuilid glacaithe agam.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 13:2
41 Tagairtí Cros  

Cheap Dáiví cuid de na Léivítigh ina ministirí os comhair áirc an Tiarna leis an Tiarna, Dia Iosrael, a impí, a ghlóiriú, agus a mholadh:


(An sórt seo, áfach, ní théann sé amach ach amháin trí ghuí agus trí throscadh.)”


“Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.


Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”


Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.


Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.


Bhí Peadar fós ag machnamh ar an bhfís nuair a dúirt an Spiorad leis: “Féach, tá fir do do lorg.


D'fhreagair Coirnéilias: “An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá m'urnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala.


Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.


Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir.


agus as sin ar bord loinge go hAintíoch - an áit ar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois curtha i gcrích acu.


Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”


Agus is é a dúirt sé liom: ‘Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.’ ”


Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef - Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”.


Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”


Labhair an Spiorad le Pilib: “Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.”


“Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m'ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael.


Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé.


Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”


bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n‑íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.


Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.


Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.


Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach.


le sciúrsáil, le braighdeanas agus le círéib; le diansaothar, le heaspa codlata agus le hocras.


Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta -


Rinneadh maor ar an dea-scéal sin díomsa nuair a bhronn Dia a ghrásta orm le héifeacht a chumhachta féin.


Ansin is ea a roghnaigh an Tiarna treibh Léiví chun áirc chonradh an Tiarna a iompar, chun seasamh i láthair an Tiarna, chun fónamh dó, agus chun a ainm a bheannú mar a dhéanann siad go dtí inniu féin.


Agus abraigí é seo le hAirchipeas: “Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.”


ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom - ceapadh mise i mo bholscaire agus i m'aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.


Agus táimse ceaptha i mo fhógróir agus i m'aspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin.


An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.


Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.


Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.


Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón.


D'imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d'fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí