Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Peadar 1:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Agus nochtadh dóibh nach dóibh féin ach daoibhse a dʼíhón siad, sna nithe sin a bhí á n-insint daoibh ag an dream a thug an soiscéal chugaibh tríd an Naomh-Spiorad a cuireadh síos ó neamh, na nithe sin ar mhian leis na haingil amharc a fháil orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Do nochtadh dhóibh, nach dóibh féin, acht daoibh‐se do bhíodar ag dáileadh na neithe úd atá curtha i dtuigsin daoibh anois aca‐san do sheanmóir an soiscéal daoibh tríd an Spiorad Naomh do cuireadh ó neamh; neithe is mian le h‐ainglibh a scrúdú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Dár foillsigheadh, nach dóibh féin achd dúinne do dhéunaidís miniosdrálachd na neitheann, atá a nois ar na bhfoillsiughadh dhíbhse leis an druing lér seanmóruigheadh an soisgéul díbh trés an Spiorad náomh do cuireadh ó neamh a núas; na neithe is mían ris na hainglibh fhaicsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le srac-fhéachaint a fháil orthu.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 1:12
56 Tagairtí Cros  

Leathadh na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go mbeidh cathaoir na trócaire faoina scáth; tabharfaidh na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n‑aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.


Tugaigí aird ar mo rabhadh; déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh, agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair.


Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.


“Cé a chreidfeadh an scéal is clos dúinn, agus neart an Tiarna, cé dó a nochtadh é?”


Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.


“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.


San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.


Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.


D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh.


Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.


Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”


Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.


Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.


Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm.


Ní raibh an méid sin ráite ag Peadar nuair a tháinig an Spiorad Naomh anuas ar a raibh ag éisteacht lena theachtaireacht.


Ní túisce a chonaic sé an aisling ná chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.


Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.


Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.


Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,


Nuair a bhí a gcuid fianaise tugtha ag na haspail agus scéal an Tiarna fógartha acu, ghluais siad leo ar ais go Iarúsailéim agus d'fhógair an dea-scéal i mórchuid de bhailte na Samárach.


Sin é faoi deara fonn a bheith orm an dea-scéal a fhógairt daoibhse freisin atá sa Róimh.


mar is ann atá fíréantacht Dé á foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: “Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.”


Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”


le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.


Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin.


agus a bhuail a stampa orainn agus a chuir geall an Spioraid inár gcroí.


Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis,


Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost.


nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith


i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé


Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.


Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.


Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.


Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.


Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.


Ach maireann briathar an Tiarna go deo.” Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh.


Uime sin is ea a fógraíodh an dea-scéal do na mairbh, ionas go dtabharfaí breith orthu sa cholainn mar dhaoine, ach go mairfidís sa spiorad de réir Dé.


Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí