Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eifisigh 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 ar bhur ndícheall le haontacht an Spioraid a choinneáil i gcuing na síochána.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 ag déanamh bhur ndíchill chum aondacht an Spioraid do choimheád i gcuing na síothchána.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána.

Féach an chaibidil Cóip




Eifisigh 4:3
16 Tagairtí Cros  

Rinneadh dhá pháirtí de mhuintir Iosrael ansin; lean leath an phobail Tibní mac Ghíonat le rí a dhéanamh de, agus an leath eile Omraí.


Beidh oscailt intí don cheann agus fáithim fite timpeall na hoscailte, dála na hoscailte i gcathéide, d'fhonn nach sracfaí í.


Thairis sin arís mar a mbuafaí ar an duine aonair, is féidir don dís an fód a sheasamh. Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh.


Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh.


Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.


Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.


Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.


go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide.


Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia.


Bíodh meas agus cion as cuimse agaibh orthu mar gheall ar a gcuid oibre.


Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí