Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 16 - An Bíobla Naofa 1981


Dia ár nOidhreacht
1 Mictam Dháiví.

1 Mictam Dháiví. Caomhnaigh mé a Thiarna, is ort a thriallaim.

2 Deirim leis an Tiarna: “Is tú mo Dhia. Níl maith ar bith agam cés moite díotsa.”

3 Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí do na daoine dílse a mhaireann ina thír.

4 An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhia tiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu. Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chor ná ní chluinfear a n‑ainmneacha go brách ar mo bheola.

5 Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta; agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.

6 Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille: is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé.

7 Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom, agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.

8 Coimeádaim an Tiarna de shíor i m'intinn: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.

9 Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m'anam; agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.

10 Óir ní fhágfaidh tú m'anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.

11 Taispeánfaidh tú slí na beatha dom; tá lúcháir go fial i do láthair agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí