A chara, is duine tábhachtach thú i saol do pháiste. Is tusa an ceannaire sa bhaile, ag treorú do chlann agus ag múineadh luachanna agus focal Dé dóibh. Is sampla thú dóibh siúd mórthimpeall ort. Sin é an fáth go bhfuil na rudaí a dhéanann tú chomh tábhachtach, mar tá do chlann ag breathnú ort agus ag foghlaim uait.
Deir an Bíobla, "Go mbeidh áthas ar athair an fhir fhile, agus go ngabhfaidh lúcháir an té a ghineann duine críonna." (Seanfhocail 23:24) Chuir Dia thú i gceannas ar do theaghlach le go stiúrfaidh tú iad. Guigh ar Dhia agus múinfidh sé duit conas é sin a dhéanamh.
Tá an Tiarna chomh lán trua dóibh siúd a bhfuil eagla Dé orthu agus atá athair lena chlann. (Sailm 103:13)
Onoruigh hathair agus do mhathair: ionnus go ma fada do laethe ar an ttalamh noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit.
A chlann, bíghidh úmhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtíghearna: óir as coir so. Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail. Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda. Uime sin glacuidh chuguibh armáil Dé go huilidhe, chum go madh-féidir libh cur na nadhuigh a ló an ríachdanuis, agus seasamh ar gcríochnughadh, na nuile neitheann dáoibh. Uime sin seasuidh, ar mbeith dá bhur leasrachuibh ar na gcreaslughadh ré firinne, agus ar gcur éidigh uchda na fíreantachda iomuibh; Agus brogan ullmhuighthe shoisgéil na siothchána fá bhur gcosaibh; Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh. Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé. Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shíor ré gach áoin ghné úrnuighe agus athchuinghe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile náomh; Agus ar mo shonsa, ionnus go dtiubhartháoi dhamh cumas labhartha, a nosgladh mo bhéil maille ré danach, chum seicreide an tsoisgéil do fhoillsiughadh dhamh. Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;) Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt. Achd ionnus go mbíadh fios aguibhse air na neithibh bheanas riomsa, agus créd do nim, foillseóchuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas sa Dtíghearna, na huile neithe dhibh: Noch do chur mé chuguibh a dtimchioll a nádhbhairse féin, ionnus go mbíadh fios na neitheann bheanus rinne aguibhse, agus go dtíubhradh cómhfhurtachd dá bhur gcróidhthibh. Siothcháin ris na dearbhráithribh, agus grádh maille ré creideamh, ó Dhía Athar agus on Dtíghearna Iósa Críosd. Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuigheas ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén. Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.
A chlann, bíghidh úmhal do bhur naithribh agus do bhur máthribh sna huile neithibh: óir as mór gean an Tíghearna ar so.
A mhic, éisd ré teagasg hathar, agus ná tréig dligheadh do mhathar: Oír béid síad iona ccórughadh grás dot chionn, agus na slabhradhuibh timchioll do bhrághad.
A mhic, coimhéad aithne hathar, agus ná tréig dligheadh do mhathar: Ceangail íad a gcomhnuidhe air do chroidhe, daingnidh íad timchioll do mhuinéil. A núair shiubholus tú, tréorochuidh sin thú; a nuáir choideolus tú, coimhéadfuidh thú; agus a nuáir mhúiscéolus tú, laibheoruidh sé riot.
¶ Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair, mar do aithin an TIGHEARNA do Dhía dhíot; chor go bhfaideochtháoi do laéthe, agus go rachadh go maith dhuit, annsa dúthaigh noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit.
¶ Biáidh eagla bhur maithreach, agus bhur naithreach aguibh (ar gach áon fhear), agus coimhéaduigh nó shábóid: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
Eíst red athair noch do ghin thú, agus ná tarcuisnigh do mhathair a nuáir bhías sí áosta.
Is mór lúathgháirfios athair a nionnruic: agus an té gheineas leanamh críonna do gheabh sé sólás úadh. Biáidh lúathgháire air hathair agus air do mhathair, agus gáirdeochuidh an bhean rug thú.
An tsúil do ní magadh fa na athair, agus tharcuisnighios úmhlacht a mhathar, priocfuid féich an ghleanna amach í, agus íosuid na hiolair óga í.
Oír tug Día áithne, ag radh, Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Giodh bé mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirthear chum báis é.
Go ma malluigh an té tharcuisnighios a athair nó a mhathair. Agus déara an pobal uile, Amén.
Seanraidhte Sholuimh. Do ní mac críonna athair sólásach: acht sé an mac leamh dubhachus a mháthair.
Do ni mac críonna athair lúathgháireach: acht tarcuisnighidh an duine leamh a mhathair.
Oír a dubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin; agus, Gidh bé a déara olc ré na athair nó ré na mháthair, cuirthear chum báis é:
Gidheadh má tá baintreabhach ar bith agá bhfuil clann no clan chloinne, déunuidís fóghluim ar tús ar íad féin thaisbéunadh go díagha ann a dtíghthibh féin, agus ar mhálairt do thábhairt dá dtuismightheóiribh: óir ís ní maith geanamhuil so a bhfíadhnuisi Dé.
Féuch, is oighreacht don TIGHEARNA clann: toradh na mbronn a luaidheachd. Mar shoighde a láimh an duine arrachtaigh; is amhluigh sin atá clann na hóige. Is beannuighe an duine agá bhfuil a bholgán soighiod lán díobh: ní bhiáid claóidhte, an tan leibheoruid lé na naimhdibh san gheata.
Agus, a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge: achd tógbhuidh súas íad a dteagusg agus a bhfoircheadal an Tíghearna.
Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
Agus do chuáidh sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do bhí sé umhal dóibh: agus do thaisgidh a mháthair na briathra so uile an a croidhe.
Do bhádar fós ar naithreacha colluidhe aguinn na luchd smachduighthe, agus do bheirmís urruim dhóibh: a né nach ro mhó ná sin do bhéuram úmhlachd Dathair na spiorad, agus bíam béo?
Agus má atá aonduine nách déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mórmhór do luchd a thíghe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.
An té mhillios a athair, agus dhíbrios a mhathair, is mac thuillios náire é, agus do bheir scannail.
Gidh bé mhalluighios a athair nó a mhathair, cuirfighthear a lochrann as a ndorchadas dubh.
Tabhruidh dá bhur naire nach dtabhartháoi tarcuisne air éinneach don mhuinntir bhigsi; oír a deirim ribh, Go bhfaicid a naingilsion aír neamh do ghnáth aghaidh Mhatharsa a tá ar neamh.
Do bheir an tslat agus an smacht gliocas uatha: acht do bheir an leanabh fágthar taobh ris féin náire dhá mhathair.
Is beannuighe gach áon air a bhfuil eagla an TIGHEARNA; noch shiobhlas iona shlighthibh. Oír íosfa tú sáothar do lámh féin: biáidh tú sona, agus rachaidh go maith dhuit. Biáidh do bhean cosmhuil ris an bhfíneamhuin thoruigh ar tháobhuibh do thighe: do chlann cosmhuil le planntoighibh chroinn na hola a ttimthioll do bhóird. Féuch, gur marso bhías an duine beannuigh air a bhfuil eagla an TIGHEARNA.
A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh; acht coimhéadadh do chroidhe maitheanta: Marsin líonfuighear do scioból lé saídhbhrios, agus brisfid do chantaóirighe amach le fíon núadh. A mhic, na tarcuisnigh smachtughadh an TIGHEARNA; agus na bí curtha dhá cheartughadh: Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil. Is beanuighe an té do gheibh eagna, agus an duine do gheibh tuigsi. Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan. Is mórluáigh go mór í náid na clocha uaisle: agus na huile neithe is áoibhinn leachd ní coimhmeas ría íad. Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir. Is slighthe soláis a slighthe, agus is síodhchain a casáin uile. Is crann beatha í don druing ghlacus greim dhí: agus is beanuighe gach aon dá bhfostoighionn í. Do shuighidh an TIGHEARNA an talamh le na ghliocas; le tuigse do dhaingnidh sé na flaitheamhnuis. Oír do bhéaruid síad chugad, fad láetheadh, agus sáoghal fada, agus síothcháin.
Agus béid na bríathraso, aithnighimsi dhíot a niugh, ann do chroidhe: Agus múinfidh tú go dúthrachdach dod chloinn íad, agus laibheóruidh tú orra a nuáir shuidhfeas tú ann do thigh, agus a nuáir shiubhólas tú an tslighe, agus a nuáir luídhfheas tú síos, agus a nuáir éireochus tú súas.
Eistighsi, a chlann, ré teagasg athair, agus tugaidh aire déolus tuicsion. Eíst, a mhic, agus glac mo ráidhte; agus béid blíadhna do sháoghail iomadamhuil. Do mhúin mé thú a slighe an ghliocuis; do thréoruigh mé thú a gcasánaibh díreacha. A núair shiubholus tú, ní cumhgochthar do choiscéime; agus a núair rithios tú, ní bhfuighe tú tuisleadh. Glac greim daingion do theagasg; na léig uáit í: cumhdaigh i; óir isí sin do bheatha. Ná héirigh a steach a ccasán na gciontach, agus ná himthigh a slighe na ndrochdhaóine. Seachain é, ná gabh lámh ris, fill úadh, agus imthigh romhad. Oír ni chodhluid síad, muna ndéarnaid urchóid; agus beirthear a ccodhladh úatha, muna ttugaid ar chuid éigin tuitim. Oír ithid síad arán na hurchóide, agus ibhid fíon a nfoiréigin. Acht bí slíghe a nfíréin amhuil solus lonnrach, noch shoillsighios ní sa mhó agus nísa mhó go nuige an lá iomlán. Atá slighe na gciontach do nós an dorchadais: níor fheadadar cred ó bhfuighid tuisleadh. Oír do bheirim foghluim maith dhíbh, ná tréigidh mo dhlígheadh. A mhic, tabhair aire dom bhríathraibh; cláon do chlúas dom ráidhtibh. Ná léig íadso as do shúilibh; coimhéad íad a lár do chroidhe. Oír is beatha íad don druing do gheibh íad, agus sláinte dá bhfeóil uile. Coimhéad do chroidhe re úile chiollachd; óir is as sin thigid toibreacha na beatha. Cuir a bhfad uáit béul óbann, agus puisinigh crosanta cuir a bhfad uait. Féuchaidís do shúile go díreach, agus faícedís forrdhubha do shúl go ceart romhad. Meas slighe do chos, agus bídis doshlighthe uile daingion. Ná fill air an laimh dheis nó chlé: áthruigh do chos ó nolc. Oír bá mé mac mo athar, máoth agus amhain cheanamhuil a radharc mo mháthar. Do mhúin se mé fós, agus a dubhairt riom, Glacadh do chroidhe mo bhríathra: coimhéad maitheanta, agus mair.
Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla.
Oír is aithnidh dhamhsa é, go ttiubhra aithne dhá chloinn, agus dá theaghlach na dhiaigh, agus coimhédfuid slighe an TIGHEARNA do dhéunamh ceirt agus breitheamhnuis; ionnus go ttiubhra an TIGHEARNA air Abraham an ní sin do labhair dá thaobh.
Smachtuigh do mhac an fad bhías dóigh as, agus ná coigleadh hanam é chum a mhillte.
Smachtuigh do mhac, agus do bhéara sé suáimhnios duit; do bhéara sé fós, sólas dot anam.
Agus an tan do chunnairc Iósa a mhathair, agus an deisciobal dob ionmhuin leis, na seasamh a láthair, a dubhairt sé ré na mháthair, A bhean, féuch do mhac! Na dhiáigh sin a dubhairt sé ris an deisciobal, Féuch do mháthair! Agus úadh sin súas rug an deisciobal shuige féin dá thigh í.
Gidh bé ghrádhuighios teagasg grádhuighidh sé eólus: acht an té fhúathuighios smacht is brúideamhuil é.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;
Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé; Agus thaisbéanas trócaire do mhíltibh don luchd ghrádhuigheas mé, agus choimhéadas maitheanta.
Ná connaimh smacht ón leanabh: óir ma bhuáilionn tú leis an tslait é, ní bhfuighe sé bás. Buáilfidh tú leis an tslait é, agus sáorfuidh tú a anam ó ifrionn.
Eíst, a mhic, agus glac mo ráidhte; agus béid blíadhna do sháoghail iomadamhuil. Do mhúin mé thú a slighe an ghliocuis; do thréoruigh mé thú a gcasánaibh díreacha.
A aithreacha, na brosduighe bhur gclann chum feirge, deagla a meisnighe do chur ar gcúl.
Ionnus go rabhaid ar mic mar plannduighe móra ag fás iona nóige; ar ningheana mar clocha cuinne ar na ngearradh, do réir chosamhlacht pháláis:
Asé eagla an TIGHEARNA tosach a néoluis: acht dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.
A mhic, má ghabhann tú mo bhríathrasa, agus maitheanta dfolachagad féin; A nuáir rachus a neagna a steach ann do chroidhe, agus bhías éolus taitneamhach dot anam; Cuimhdeochuidh deiscréid thú, coimhéadfuidh tuicse thú: Dot sháoradh ó shlighe an drochdhuine, ón duine labhras neithe éaigcneasta; Noch thréigios slighe a nionnracais, do shiubhal a slighthibh an dorchadais; Noch lúathgháirighios um dhéanamh uilc, agus dhúilighios a néigcneasdacht na cciontach; A bhfuilid a slighthe cam, agus íad éaigcneasta iona slighthibh: Dot sháorach air an mnaói choimhthigh, eadhon an coimhthigheach noch mheallus le na bríathruibh; Noch thréigios éoluighe a hóige, agus dhearmadas cunnradh a Dé. Oír cláonuidh a tigh chum báis, agus a casain chum na marbh. Ni fhílleann áonduine dá ttéid go nuige í a rís, ní mó ghlacaid síad greim do chasánabh na beatha. Iondus go ccláonfa tú do chlúas chum na heagna, agus go ttinbhra tú do chroidhe don tuigsin; Go madh héidir léatsa imtheacht a slighthibh na ndaoine maith, agus coiscéime na bhfíréun do choimhéad. Oír coimhneochuidh an tionnraic annsa dúthaigh, agus buáineochuidh an duine iomlán innte. Acht géarrfuighthear na drochdhaóine amach as an ttalamh, agus tochaltar lucht an tsaruighthe as amach. Má éighionn tú fós a ndiáigh éoluis, agus go ttóigfe tú do ghuth súas chum na tuigsiona; Má íarrair í amhuil airgiod, agus go spíonfuidh tú da híarruidh mar ionnmhusaibh foluightheacha; Annsin tuigfidh tú eagla an TIGHEARNA, agus do gheabha tú éolus Dé.
Muna bhfoirgníghe an TIGHEARNA an tigh, is díomhaóin oibrighid an lucht fhoirgnighios é: muna ccumhduighe an TIGHEARNA an chathair, is go díomhaóin do ní an fear coimhéada faire. Is díomhaóin díbhsi noch éirghios go moch shighios go deighionach, noch íthios arán an doilghiosa: marsin do bhéaraidh sé codladh dá fhior gráidh.
Amháin tabhair aire dhuit féin, agus coimhéud thanam go dúthrachdach, deagla go ndearmadfá na neithe do chonnairc do shúile, agus deagla go scairfaidís ré do chroidhe uile laétheadh do bheathá: achd múin dod mhacuibh íad, agus do mhacuibh do mhac;
An té choighlios a shlat fúathúighiodh sé a mhac: acht an té ler bionnihum é smachtuighidh sé é go moch.
Gidh bé ghrádhuighios a neagna lúathgháirigh sé a athair: acht an té chongmhas cuideachta do mhéirdreachaibh anchaithigh sé a mhaóin.
Ionnus go mbía eagla an TIGHEARNA do Dhía ort, agus go ccoimheudfá a reachda uile agus a aitheanta, noch fhúagruimsi dhuit, thú féin, agus do chlann, agus clann do chloinne, ar feadh do sháoghuil; íonnus go bhfaideochtháoi do laéthe.
Amhuil áon noch chomhfhurtuighios a mhathair, mairsin fhuirteochus misi oruibhsi; agus beithí ar bhur ccomhfhurtachd ann Ierusalem.
Is adhbhar bochduine dhá athair an mac leamh: agus is silt shiorruidhe imreasuin na mná.
Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd.
Ní cheilfiom air a ccloinn íad, ag innisin don ghinealach thiocfas molta an TIGHEARNA, agus a chumhachta, agus na míorbhuile do rinne sé. Cá mhéud úair do chorruigheadar é annsa díothramh, agus do chuireadar doilghios air annsa bhfásach! Agus dfilliodar agus do chuireadar cathughadh ar Dhía, agus do chuireadar an Táon Náomhtha Israel a gcuimsi. Níor chuimhnigheadar a lámh, nó an lá do sháor sé íad ó na námhuid. A nuáir do chuir a chomharthadha san Négipt, agus a ionganta a magh Soan: Agus diompóidh a srotha a bhfuil; agus a naibhne, go nar bhféidir dhóibh deoch ól. Do chuir sé iona measc iomad cuiléog, noch do ith íad; agus an luisgionn, noch do scrios íad. Agus thug sé a mbiseach don dréollán-teasbhuidh, agus a saothar don lócuist. Do mharbh a bhfíneamhuin ris an gcloichshneachta, agus a ccroinn siocamor ris an gcuisne. Agus thug a neallach don chloichshneachda, agus a ttréuda do na teinntigh. Do chuir sé orra teas a fheirge, fíoch, agus aingidheachd, agus buaidhreadh, ré cur drochaingiol na measc. Oír do dhaingnigh sé fiadhnuise ann Iácob, agus dórduigh sé dligheadh a Nísrael, noch daithin dar naithribh, a fhoillsiughadh dá gcloinn: Do chomhthromuigh sé slighe dhá fheirg; níor cháomhuin a nanam ó bhás, agus thug sé a mbeatha don phláigh; Agus do bhuáil sé céidgheine na Hégipte; tosach a néirt a bpáilliúnuibh Ham: Agus thug air a dhaoinibh dul thairis mar cháorchaibh, agus do thréoruidh amhuil tréud annsa díothramh íad. Agus do thréoruidh amach íad ré dánachd, agus ní raibh eagla orra: agus dfoluigh a nfairge a naimhde. Agus thug sé íad go himeal a shanctora, an slíabhso, noch do ghnodhuigh a lámh dheas. Agus do theilg amach rompa na geintighe fós, agus do roinn sé oighreachd dóibh re crannchaír, agus thug air threabhuibh Israel áitriughadh iona nionad suidhe. Gidheadh do chuireadar cathughadh agus do bhrostuigheadar an Día is ro áirde, agus níor chongmhadar a fhíadhnuisigh: Acht dfilliodar air a ccúl, agus do pheacuigheadar go míochoinghiollach mar a naithre: do bhádar air na niompógh mar bhogha cealgach. Agus do chorruigheadar é chum feirge le na náitibh árda, agus re na níomháighibh ceirbhéartha do ghluáisiodar é chum éada. Do chúalaidh Día sin, agus do bhí fearg air, agus do fhúathaidh Israel go ro mhór: Chum go mbiáidh a fhíos ag an nginealach do thiucfadh, ag na leinibh do béartaoi; agus ag éirghe go ninneosaidís dá gcloinn féin: Agus do thréig sé tabernacuil Shilo, an páillíun noch do shuighidh sé a measc a dhaóine; Agus do thoirbhir a neart a mbraighdionas, agus a ghlóir a láimh na námhad. Thug sé mar an ccéadna a dhaóine don chloidhiomh; agus do bhí sé feargach re na oighreachd. Do loisg an teine rogha a ndaóine óg; agus níor mholadh a maighdiona. Do thuiteadar a sagairt ris an ccloidheamh; agus níor ghuileadar a mbaintreabhacha. Ann sin do mhúscuil an TIGHEARNA mar dhuine na chodladh, agus mar dhuine árrachta ag gárrtha tre fhíon. Agus do bhuáil a naimhde iona ndeireadh: thug sé scannail shíorruidhe dhóibh. Agus do dhíult sé áitreabh Ióseph, agus níor thogh sé treabh Ephraim: Acht do thogh sé treabh Iúdah, slíabh Sion noch dob ionmhuin leis. Agus do chuir súas a shanctóir cosmhuil re pálásaibh árda, mar an ttalamh noch do shuighidh sé go síorruidh. Agus go ccuirfedís a ndóthchus a Ndía, agus nach dearmadfaidís oibreacha Dé, agus go cconneochaidís a aitheanta:
Atá éolos na naitheantadh agad, Ná déana adhaltranas, Ná déana dunmharbhadh, Na déana goid, Ná déana fiadhnuisi bhréige, Onóiruigh hathair agus do mhathair.
Do dhénna Día Iaphet go faireang, agus áiteochaidh sé a bpuiblibh Shem; agus biaidh Canáan na sheirbhíseach aige.
Agus múinfidhe íad dá bhur gcloinn, ag labhairt orra a nuáir shuidhfios tú ion do thigh, agus a nuáir shiubholus tú annsa tslighe, a nuáir luidhfios tú síos, agus a nuáir éireochus tú súas.
Acht gidh bé éistios riomsa, áitreobhuidh sé go daingean agus biáidh sé suáimhneach ó eagla a nuilc.
Mar an gcéudna, a dhaóine óga, tuguidh úmhladh do na sinnsearuibh. Agus bíghidh uile úmhal dá chéile, déunuidh sibh féin deaghmhaiseach don táobh a stigh ó úmhlachd inntinne: óir cuiridh Día a naghuidh na nuáibhreach agus do bheir grása do númhal.
Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
¶ Agus a nuáir fhíafrochus do mhac dhíot ansa naimsir atá ag teachd, ghá rádh, Créd is cíall do na fiadhnuisibh, agus do na reachtuibh, agus do na breaitheamhnusuibh, noch do aithin an TIGHEARNA ar Ndía dhíbh? Ann sin déara tú re do mhac, Do bhámairne ar sclábhuighibh ag Phárao san Négipt; agus thug an TIGHEARNA amach as an Négipt sinn le láimh láidir: Agus do thaisbéin an TIGHEARNA comharthuidhe agus iongantasa móra, agus doilghe ar an Négipt, ar Phárao, agus ar mhuintir a thighe uile, as comhair ar súl: Agus thug sé sinne amach as sin, chor go ttiubhradh sé a steach sinn, do thabhairt dhúinn na dúthaighe do mhionnuigh sé dar naithribh. Agus do aithin an TIGHEARNA dhínn na reachtaso uile do chomhall, agus eagla an TIGHEARNA ar Ndía, do bheith oruinn ar mhaith rinn féin a gcomhnuidhe, chor go ccoimhéadfadh sé sinn beo, mar atá san ló a niugh. Agus budh é ar bhfíreúntachd, má bheirmid aire na haitheantaso uile dhéanamh a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA ar Ndía, mar do aithin sé dhínn.
An té chruinnighios annsa tsámhradh mac críonna é: acht an té chodhlas annsa bhfóghmhar is mac do gheibh náire é.
An té bhuáidhrios a thigh féin budh leis oighreacht na gaóithe: agus biáidh an tamadán na óglach ag an ccríonna a ccroidhe.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
Molaidh an TIGHEARNA. Is beannuighe an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, agá bhfuil dúil iona aitheantaibh go ro mhór. Chífe an peacach sin, agus biáidh fearg air; do dhéana sé díosgán ré na fhíacluibh, agus leighfe sé: meithfe mían an pheacaidh. Budh cumhachtach air an ttalamh a shliocht: biáidh ginealach a nfíréin beannuigh.
A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
Do ní an duine trócaireach maith dhá anam féin: acht an té bhíos éattrocaireach buáidhridh sé a fheóil féin.
Is córa ainm maith do bhreith do roghain ná saidhbhrios mór, agus fabhar gradhach tar airgid agus tar ór.
Noch do bheir air mhnaói aimrid áitreabh san tigh, na mathair lúathgháirigh chloinne. Moluidhse an TIGHEARNA.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.
Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Bí leimhe ceangailte a ccroidhe leinibh; acht cuirfidh slat an smachtuighthe a bhfad úadh í.
Fá dheóigh, bíghidh uile déininntinn, ag comhfhulang ré chéile, bíodh grádh bráthargha eadruibh, bíghidh trócaireach, sóchaidridh:
Oír is lóchrann a naithne; agus is solus an dligheadh; agus a síad iomaithbhear an teagaisg slighe na beatha:
Is beannuighe an duine agá bhfuil a bholgán soighiod lán díobh: ní bhiáid claóidhte, an tan leibheoruid lé na naimhdibh san gheata.
¶ Cuimhnigh na seanlaéthe, cuimhnigh bliaghna gach ginealuigh: fíafruigh dot athair, agus táisbeonuidh sé dhuit; dot shinsearuibh, agus inneosuid duit.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.
Marsin bhías éolus na héagna dot hanam: anuáir do gheabha tú é, annsin do gheabhthar luáigheacht, agus ni ghéarrfuighthior amach do dhóthchus.
Ar a nadhbharsin tabhruidh a nduálghus do na huile dháoinibh: cánachus don tí dar dúal cánachus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir.
Agus gidh bé neach bhéaras oilbhéim déinneach don mhuinntir bhigsi chreideas ionnamsa, do bfearr dhó cloch mhuilinn do chrochadh fan a mhuinél, agus a bháthadh a ndubhaigén na fairge.
Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.
Fágbhuidh an duine maith oighreacht ag cloinn a chloinne: agus cuirthear maóin an pheacaidh a stór do nionnruic.
Agus do ghoir Isaac, Iácob, agus do bheannuigh é, agus do aithin de, agus a dubhairt ris; ní thiubhra tú bean dingheanuibh Chánaain.
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
A mhic, má bhíonn do chroidhe éagnuidhe, biaidh lúathgháire ar mo chroidhe, orumsa féin. Gáirdeochuid fós, mo dhubháin, a nuáir laibheorus do bhéulsa neithe cearta.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Oír tug Día áithne, ag radh, Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Giodh bé mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirthear chum báis é. Achd a dheartháoisi, Giodh bé neach a déara re na athair nó ré na mathair, Gach tabhartus dá dtuguimsi uaim, rachaidh sé a dtarbha dhuitsi; Agus ni onórfuidh sé a athair nó a mhaithair. Agus mar sin do chuireabhair a neimhbhrigh aithne Dé tré bhur ngnáthughadh féin.
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.
Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.)
Eírghid a clann súas, agus goirid beannuighthe dhi; a fear fós, agus moluidh sé í, gha radh, Do rinneadar mórán inghean neithe tréitheacha, acht do sháruigh tusa íad uile.
Agus a dubhairt si, Cía déuradh ré Habraham, go ttiubhradh Sárah cíoch do chloinn? óir rug mé mac dhó na áois fhoirfe.
Gidh bé choimhéadas an dligheadh is mac glic é: acht an té is companach do dhaóinibh cráosacha náirighidh sé a athair.
Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.
Asé eagla Dé tosach na heagna: is maith an tuigse atá acasan uile do ní a aitheanta: mairigh a mholadh go bráth.
Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin.
Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh. Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.
Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;) Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt. Achd ionnus go mbíadh fios aguibhse air na neithibh bheanas riomsa, agus créd do nim, foillseóchuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas sa Dtíghearna, na huile neithe dhibh: Noch do chur mé chuguibh a dtimchioll a nádhbhairse féin, ionnus go mbíadh fios na neitheann bheanus rinne aguibhse, agus go dtíubhradh cómhfhurtachd dá bhur gcróidhthibh. Siothcháin ris na dearbhráithribh, agus grádh maille ré creideamh, ó Dhía Athar agus on Dtíghearna Iósa Críosd. Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuigheas ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén. Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.
Agus a núair do chualaidh Esau bríathra á athar, do éigh maille ré gárrthuibh móra searbha, agus a dubhairt ré na athair, Beannuigh misi, eadhon misi mar an ccéadna, ó a athair. Agus a dubhairt seision, Tháinic do dhearbhrathair le ceilg, agus rug leis do bheannachd.
Tré ghliocas do nithior tigh dfoirgneadh; agus le tuigsi daingnighthior é: Do ghabh mé láimh re machaire an duine fhallsa, agus láimh ré fíneamhuin an duine gan tuigsin; Agus, féuch, do bhí sin uile ar bhfás thairis do dhosánuibh, agus dfoluigh a neantóg a aghuidh, agus do bhí a bhalla cloiche briste sios. Annsin do chonnairc mé, agus do mheas mé go maith é: dféuch mé air, agus do ghabh mé teagasg. Beagan codalta fós, néull beag, filleadh beag na lámh air a cheile chum codalta: Marsin tiucfuidh do bhochtuine mar áon bhías ar siubhal, agus do ríachtanas mar dhuine armtha. Agus lé héolus líonfuighthear na séomradha le gach uile shaidhbhrios mhórluáidh shólasach.
Molfa geinealach hoibreacha do gheinealach oile, agus foillseochaid do ghniomha cumhachtacha.
Neart agus onóir a headach; gáirdeochuídh sí san naimsir atá ag teacht. Oscluidh sí a béul re gliocus; agus iona teangaidh atá dligheadh an chinéultais.
Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór. Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.
Agus do fhás an macaomh, agus do neartuigheadh é a spioraid, agus do bhí sé lán deagna: agus do bhí grása Dé maille ris.
Eíst annois ream ghuthsa, do bhéura mé comhairle dhuit, agus biáidh Día maille riot: Bídhsi ar son an phobuil leath ré Día; chor go mbéura tú a ccúis go Día: Ann sin rug Ietro, clíamhuin Mhaóise, Sipporah, bean Mhaóise leis tar éis a cur ar a hais; Agus múinfe thu órduighthe, agus dlighthe dhóibh, agus taisbéanfa tú dhóibh an tslighe ann a ccaithfid síad siubhal, agus a nobair chaithfid síad do dhéunamh.
Achd ma pheacuigheann do dhearbhrathair ad aghuidh, imthigh agus spreag é eadrad féin agus é féin amhain: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.
Anois ar a nadhbharsin éistigh riom, a chlann: óir is beannuigh an drong choimhéadas mo shlighthe. Eistigh re teagasg, agus bíthí críonna, agus na díultuighe é.
Cluinsi, a mhic, agus bí críonna, agus tréoruigh do chroidhe annsa tslighe. Agus cuir scían chum do scórnuigh, mas duine thú tabhartha do chráos. Ná bí a measg phótaireadh fíona; a measg ghrágaireadh líonus íad féin le feóil: Oír tiucfaidh an pótaire agus an duine cráosach chum bochtuine: agus do dhéan a naimhleisge duine déudughadh le ceirteachaibh.
Agus a dubhairt Ióseph ré ná athair, Mo mhicsé iadsó, noch tug Dia dhamh annsa náitsi: agus a dubhairt seision, Tabhair chugam iad, iarruim ort, agus beinneochuidh mé íad.
O Dhé, do mhúinis mé óm óige: agus go nuige so dfoillsigh mé do mhíorbhuile. Anois fós a núair atáim sean agus líath, a Dhé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ghinealachso, agus do chumhachda do nuile dhuine thiucfas.
An béo, an béo, molfa sé thú, mar do nímsi a niugh: agus foillseochuidh an tathair thfírinne don chloinn.
Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.
Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc: Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Cia hé an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA? múinfe sé é annsa tslighe thoighfeas sé. Aitreobhuidh a anum a maith; agus biaidh oidhreacht na dúithche aga chloinn.
Biodh grádh bráithreamhuil go comhnuigheach eadruibh. Atá altóir aguinne, dá nach bhfuil a gcúmhachdaibh na druing do ní seirbhis don tabearnácail ní íthe. Oír na hainmhinntighe, agá mbeireann an tárdsagart a bhfuil leis a steach don níosdadh náomhtha ar son peacadh, loisgthear a guirp don táobh a muígh don champa. Uime sin do fhúlaing Iósa an pháis mar an gcéudna, don táobh amuígh don gheata, chum an phubail do náomhadh dhó ré na fhuil féin. Ar a nádhbharsin imthigheam amach as an gcampa chuigesion, ag iomchur masla air a shon. Oír ní bhfuil cathair chomhnuigheach aguinn ann so, achd atá iarruidh aguinn ar an gcathruigh atá chum teachda. Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth íodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm. Ná dearmaduigh maith agus cúmann do dhéunamh: óir dí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh. Tábhruidh úmhlachd do luchd bhur dtréoruighthe, agus íslighe sibh féin dóibh: óir bíd siad ag faire bhur nanmann mar an luchd bhéuras conntas úathadh, chum so do dhéunamh dhóibh maille ré gáirdeachas agus ní ré hosnaighibh: óir as neamhtharbhach dhíbhse so. Déunuidh úrnuighe air ar soinn: óir is muinighneach sinn as coinnsías maith do bheith aguinn, ar mbeith fonnmhar dhúinn ar sinn féin diomchar go cubhaidh sna huile neíthibh. Agus as móide shírim so oruibh, ionnus go madh lúathaide gheábhus sibh mé aiseag dhíbh a rís. Ná dearmaduigh aóidheachd thabhairt do chóímthighachuibh: óir dá réir so tugadar dream áirighe aóidheachd dainglibh gan fhios dóibh féin.
Agus a dubhairt Iosa, Fuilngidh do na leanbaibh, agus na bacuidh dhióbh, teachd chugamsa: oír is lé na leithéidibh sin rioghachd neimhe.
Acht atá trócaire an TIGHEARNA ó shíorruidheacht go síorruidheacht air an lucht air a bhfuil a eagla, agus a fhíréuntachd do mhacaibh mac; Don lucht choimhéudas a chunnradh, don lucht chuimhnighios a aitheanta dá ndéanamh.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Do dhéaná sliochd serbhís dó; áirmheochthar don TIGHEARNA mar ghinealach é. Tiucfaid síad, agus foillseóchuid a fhíréuntachd don luchd bhéarthair, go ndéarna sé é.
Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.