Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 5:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Má bhíonn clann nó clann clainne ag baintreach, bíodh orthu ar dtús foghlaim gur den chreideamh a ndualgas a dhéanamh dá dteaghlach féin agus an chomaoin a chuir a dtuismitheoirí orthu a chúiteamh; ós taitneamhach sin i súile Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Acht má tá aon bhaintreabhach ann agus clann nó clann clainne aici, foghlaimidís ar dtús gur dual dóibh cráibhtheacht do thaisbeáint d’á líon tighe féin, agus cúiteamh do dhéanamh le n‐a dtuismightheoiribh: óir atá sin taithneamhach i bhfiadhnaise Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Gidheadh má tá baintreabhach ar bith agá bhfuil clann no clan chloinne, déunuidís fóghluim ar tús ar íad féin thaisbéunadh go díagha ann a dtíghthibh féin, agus ar mhálairt do thábhairt dá dtuismightheóiribh: óir ís ní maith geanamhuil so a bhfíadhnuisi Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 5:4
18 Tagairtí Cros  

Agus chuir Iósaef cóir chothaithe ar a athair, ar a dheartháireacha, agus ar theaghlach uile a athar de réir líon a muirir.


Mhair Iacób seacht mbliana déag i dtír na hÉigipte; ba é fad saoil Iacóib agus blianta a ré ná céad agus daichead a seacht mbliana.


Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine, Ná comharba air ina áit chónaithe.


Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di; canann a fear céile moladh di:


“Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna.


Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.


Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir.


Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muintire léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n‑ualach ar an eaglais chun go bhféadfadh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha.


Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.


Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana.


Thug sí léi é agus d'imigh isteach sa chathair; thaispeáin sí a cnuasach do mháthair a céile. Leag sí os a comhair chomh maith an bia a bhí fágtha tar éis di féin a sáith a ithe agus thug di é.


Dúirt Rút an Móábach mná le Náoimí: “Lig dom dul amach sna goirt chun na diasa a bhailiú i ndiaidh duine éigin a mbeadh lé aige liom.” “Imigh leat, a iníon ó,” ar sise léi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí