Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Tiomóid 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ná bagair ar sheanduine, acht déan impidhe air mar bhéadh athair ann: na fir óga mar bhéadh bráithre ann:

2 na sean‐mhná mar bhéadh máithreacha, na mná óga mar bhéadh siúracha ann, go modhamhail ar fad.

3 Tabhair onóir do na baintreabhachaibh atá n’‐a mbaintreabhachaibh dá ríribh.

4 Acht má tá aon bhaintreabhach ann agus clann nó clann clainne aici, foghlaimidís ar dtús gur dual dóibh cráibhtheacht do thaisbeáint d’á líon tighe féin, agus cúiteamh do dhéanamh le n‐a dtuismightheoiribh: óir atá sin taithneamhach i bhfiadhnaise Dé.

5 Bean atá ’n‐a baintreabhaigh dá ríribh, agus í fágtha ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muinighin as Dia, agus leanann sí d’athchuingheachaibh agus d’urnaighthibh d’oidhche agus de ló.

6 Acht an bhean chuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marbh, agus í ’n‐a beathaidh.

7 Cuir na neithe seo ’n‐a luighe ortha chum go mbéidh siad gan locht.

8 Acht muna ndéanaidh duine soláthar d’á mhuinntir féin, d’á líon tighe féin, go h‐áirithe, atá an creideamh tréigthe aige,

9 agus is measa é ’ná duine gan creideamh. Ná curtar baintreabhach ar an rolla má tá sí fá bhun trí scór bliadhan d’aois, pósta le fear amháin,

10 deagh‐theist bheith uirthi ás ucht deagh‐ghníomhartha; má tá clann oilte aici: má chuir sí fáilte roimh stróinséiribh, má nigh sí cosa na naomh, má chug sí fóirithin ar lucht aindeise, má lean sí go dícheallach do gach saghas deagh‐ghnímh.

11 Acht diúltuigh do na baintreabhachaibh óga: óir nuair éirigheas siad ainmhianach fá chuing Chríost, is mian leo pósadh;

12 agus atáid fá bhreitheamhnas, toisc a gcéad dílseacht do bhriseadh.

13 Thairis sin, ag éirghe díomhaoin dóibh, bíonn siad ag dul ó thigh go tigh; agus ní h‐é díomhaoin amháin, acht bíonn siad cainnteach, fíosruightheach, ag cur síos ar neithibh nach ceart dóibh labhairt ’n‐a dtaobh.

14 D’á bhrigh sin is toil liom go bpósfadh na mná óga, go mbéarfaidís clann, go riarfaidís gnóthaí an tighe, gan aon adhbhar scannail do thabhairt do’n áidhbheirseoir:

15 óir atá cuid aca tionntuighthe cheana chum Sátain.

16 Má tá bean de lucht an chreidimh ann, agus baintreabhacha fá n‐a cúram aici, déanadh sí fóirithin ortha, chum nach mbéidh a gcúram ar an eaglais; chum go mbéidh go leor aici le h‐aghaidh na ndaoine atá ’n‐a mbaintreabhachaibh dá ríribh.

17 Meastar gur fiú a dhá oiread d’onóir na seanóirí riaghluigheas go maith, iad‐san go mór‐mhór go mbíonn an tseanmóireacht agus an teagasc mar shaothar aca.

18 Óir is é adeir an scrioptúir, Ní chuirfir féastrach leis an damh, agus é ag satailt ar an adhbhar. Agus is fiú an t‐oibridhe luach a shaothair.

19 Ná glac le gearán i n‐aghaidh seanóra acht ar fhiadhnaise beirte nó trír.

20 Aithbhear na daoine do‐ghní peacadh i bhfiadhnaise cáich, chum eagla do chur ar an gcuid eile.

21 Cuirim mar athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toghtha, na neithe seo do dhéanamh gan claoin‐bhreith, gan fabhar.

22 Ná leag lámha go h‐obann ar aoinneach, agus ná bí páirteach i bpeacaidhibh daoine eile: congbhuigh thú féin glan.

23 Ná h‐ól uisce feasta, acht glac beagán fíona ar mhaithe led’ ghoile agus leis na h‐aicídibh bhíos ort go minic.

24 Atá daoine ann go bhfuil a bpeacaidhe follusach, ag tarraingt breitheamhnais ortha féin; agus atá daoine eile ann go nochtar a bpeacaidhe ’n‐a ndiaidh.

25 Ar an gcuma chéadna bíonn deagh‐oibreacha ann atá follusach; agus na deagh‐oibreacha nach bhfuil follusach ní féidir a gceilt.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí