Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 5:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Tabhair onóir do na baintreabhachaibh atá n’‐a mbaintreabhachaibh dá ríribh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Tabhair onóir do na baintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tabhair onóir do bhainteabhachuibh noch atá na mbaintreabhacha dhá ríribh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Tabhair ómós do bhaintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Tabhair ómós do bhaintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 5:3
28 Tagairtí Cros  

ní onóróchaidh seisean a athair. Agus atá aithne Dé curtha ar neamh‐nidh agaibh ar son bhúr sean‐ghnás.


Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.


agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh.


Agus nuair do bhí sé ag teacht i ngar do gheata na cathrach, féach, do bhí corp d’á bhreith amach, aon‐mhac a mháthar, agus ise ’n‐a baintreabhaigh: agus do bhí mórán de mhuinntir na cathsach ’n‐a fochair.


Do chonnaic Íosa Natanaél ag teacht chuige, agus adubhairt sé leis, Féach an t‐Israelíteach fíor nach bhfuil aon chealg ann!


Agus ins na laethibh sin, mar bhí uimhir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaigh Gréagacha gearán i n‐aghaidh na nEabhrach, toisc go ndearnadh faillighe ar a mbaintreabhachaibh san bhfriotháileamh laetheamhail.


Agus d’éirigh Peadar agus chuaidh sé n‐éinfheacht leo. Agus nuair tháinig sé, rugadar suas é go dtí an seomra uachtarach: agus do bhí na baintreabhacha ’n‐a seasamh ’n‐a aice ag gol agus ag taisbeáint na gcótaí agus na gculaitheach do‐rinne Dorcás a fhad agus bhí sí ’n‐a measc.


Agus thug sé a lámh dí, agus do thóg sé ’n‐a seasamh í; agus ag glaodhach na naomh agus na mbaintreabhach dó, thug sé dhóibh í ’n‐a beathaidh.


ná ní rabhamar ag lorg urrama ó dhaoinibh, ná uaibh‐se, ná ó dhaoinibh eile, bíodh gurbh fhéidir linn bheith go h‐ughdarásach, mar abstail Chríost.


na sean‐mhná mar bhéadh máithreacha, na mná óga mar bhéadh siúracha ann, go modhamhail ar fad.


Is í is fíor‐chráibhtheacht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, cuairt do thabhairt ar na dílleachtaibh agus ar na baintreabhachaibh i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoghal a thruailliú féin.


Tabhraidh onóir do gach duine. Tabhraidh grádh do na bráithribh. Bíodh eagla Dé oraibh. Tabhraidh onóir do’n righ.


Ar an gcuma chéadna, a fheara, déanaidh cómhnaidhe i n‐éinfheacht le n‐bhur mnáibh do réir déighchéille, ag tabhairt onóra do’n mhnaoi amhail do’n tsoitheach is laige, agus mar chómh‐oidhre grása na beathadh; chum nach gcurfar aon chosc le n‐bhur n‐urnaighthibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí