Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:40 - An Bíobla Naofa 1981

40 Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

40 Agus dʼfhás an leanbh aníos go láidir tréan, agus é lán dʼeagna; agus bhí gnaoi ag Dia air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

40 Agus d’fhás an gasúr, agus d’éirigh sé láidir, lán d’eagna; agus bhí grásta Dé ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé, agus do bhí sé lán d’eagna: agus do bhí grás Dé air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Agus do fhás an macaomh, agus do neartuigheadh é a spioraid, agus do bhí sé lán deagna: agus do bhí grása Dé maille ris.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus d’fás an mac agus do neartuigh sé, lán d’eagna, agus bhí grásta Dé ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

40 Agus dʼfhás an leanbh agus neartaigh, é lán dʼeagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:40
17 Tagairtí Cros  

“Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é: saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”


Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.


Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.


Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.


Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.


Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile.


Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.


Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.


Rug an bhean mac agus thug sí Samsón air. D'fhás an leanbh, agus chuir an Tiarna a bheannacht air,


Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill.


D'fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna.


Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag dul ar aghaidh i bpearsa agus i ngrásta i láthair an Tiarna agus i láthair daoine.


D'fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d'aon fhocal dá chuid titim ar lár.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí