Lúcás 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus tharla ins na laethibh sin go ndeachaidh reacht amach ó Chéasar August go ndéanfaidhe cómhaireamh ar an domhan uile. 2 Ba é seo an chéad chómhaireamh do‐rinneadh an tráth ’n‐a raibh Curénius ’n‐a cheannphort ar an tSithir. 3 Agus do chuadar uile chum go n‐áirmhfidhe iad, gach aoinneach ’n‐a chathair féin. 4 Agus do chuaidh Seosamh, leis, ó’n nGalilé, ó chathair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go chathair Dháibhi, ar a dtugtar Beithil, de bhrigh gur de theaghlach agus de shliocht Dháibhi é; 5 chum go n‐áirmhfidhe é mar aon le Muire, a bhainchéile do bhí ag iomchar clainne. 6 Agus tharla, le linn dóibh bheith annsin, go dtáinig am a seolta. 7 Agus rug sí mac, a céad‐ghein; agus d’fhill sí i n‐éadaighibh é, agus do chuir sí ’n‐a luighe i mainséar é, toisc nach raibh slighe dhóibh sa tigh ósta. 8 Agus do bhí aodhairí sa dúthaigh chéadna ’n‐a gcómhnaidhe ar an machaire, agus iad ag faire a dtréad san oidhche. 9 Agus do sheas aingeal ó’n Tighearna le n‐a n‐ais, agus do shoillsigh glóir an Tighearna ’n‐a dtimcheall: agus do bhí eagla mhór ortha. 10 Agus adubhairt an t‐aingeal leo, Ná bíodh eagla oraibh; óir, féach, do‐bheirim daoibh deagh‐scéala ar áthas mór bhéas i gcómhair na ndaoine uile: 11 óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi. 12 Agus is é seo a chómhartha dhaoibh; Do‐gheobhaidh sibh naoidheanán, é fillte i n‐éadaighibh agus ’n‐a luighe i mainséar. 13 Agus ar an láthair do bhí i bhfochair an aingil buidhean mhór de’n tsluagh neamhdha, iad ag moladh Dé, agus g‐á rádh, 14 Glóir do Dhia ins na flaitheasaibh is aoirde, Agus ar talamh síothcháin do lucht déighmhéine. 15 Agus tharla, nuair d’imthigh na h‐aingil uatha ar neamh, go ndubhairt na h‐aodhairí le chéile, Téighmis chómh fada le Beithil go bhfeicfimíd an nidh seo tharla, mar d’fhógair an Tighearna dhúinn. 16 Agus thángadar go deifreach, agus fuaradar Muire agus Seosamh, agus an leanbh ’n‐a luighe i mainséar. 17 Agus ar n‐a fheiesin sin dóibh, d’inniseadar a ndubhradh dhóibh i dtaobh an leinbh sin. 18 Agus gach a gcuala é do bhí iongnadh ortha fá na neithibh d’innis na h‐aodhairí dhóibh. 19 Acht do choimhéad Muire na neithe sin go h‐iomlán, ag machtnamh ortha ’n‐a croidhe istigh. 20 Agus d’fhill na h‐aodhairí, agus iad ag glóiriú agus ag moladh Dé mar gheall ar a gcualadar agus a bhfacadar, de réir inar adubhradh leo. 21 Agus nuair do bhí na h‐ocht laethe caithte chum an leanbh do thimcheall‐ghearradh, tugadh ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm thug an t‐aingeal air sarar geineadh é i mbroinn. 22 Agus nuair do bhí laethe a glanta caithte, de réir reachta Mhaoise, thugadar leo go h‐Iarúsalem é, chum a thoirbheart do’n Tighearna; 23 (mar atá scríobhtha i reacht an Tighearna, Gach fireann fhosclas broinn, glaodhfar naomhtha do’n Tighearna air), 24 agus chum an íodhbairt do dhéanamh mar órduighthear i reacht an Tighearna, Cúpla féarán, nó dhá cholúr óga. 25 Agus féach, do bhí i nIarúsalem fear darbh ainm Simeon; agus do bhí an fear so fíréanta, diadha, agus é ag súil le sólás Israel: agus do bhí an Spiorad Naomh air. 26 Agus tugadh foillsiú dhó ó’n Spiorad Naomh nach bhfeicfeadh sé bás nó go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna. 27 Agus tháinig sé tríd an Spiorad isteach sa teampall: agus nuair thug an t‐athair agus an mháthair an leanbh Íosa isteach, chum go ndéanfaidís ’n‐a thaobh de réir gnáth‐nóis na dlighe, 28 do thóg seisean chuige ’n‐a ucht é, agus do mhol sé Dia, agus adubhairt, 29 Anois, a Thighearna, cuireann tú do sheirbhíseach uait, Le síothcháin, de réir do bhriathair, 30 De bhrigh go bhfaca mo shúile do shlánú, 31 D’ullamhuighis i bhfiadhnaise na gcinidheach uile; 32 Solas chum na Geinte do shoillsiú, Agus chum glóire do phobail Israel. 33 Agus do bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionganta de na neithibh adubhradh ’n‐a thaobh; 34 agus do bheannuigh Simeon iad, agus adubhairt sé le Muire, a mháthair, Féach, atá sé seo ceaptha chum leagtha agus chum aiséirighthe móráin i nIsrael, agus chum bheith ’n‐a chómhartha go gcuirfear ’n‐a aghaidh; 35 agus rachfaidh claidheamh tré lár t’anma féin; ionnas go nochtfar smaointe as mórán croidhthe. 36 Agus do bhí Anna, ban‐fháidh, inghean Phanuél, de threibh Asér, do bhí sí an‐aosta; do chaith sí seacht mbliadhna ag a fear tar éis a maighdeanais, 37 agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh. 38 Agus ag teacht di‐se, an uair chéadna sin, thug sí buidheachas do Dhia, agus do labhair sí ’n‐a thaobh le gach duine do bhí ag tnúth le fuascailt Iarúsalem. 39 Agus nuair do bhí gach nidh chóimhlíonta aca de réir dlighe an Tighearna, d’fhilleadar go dtí an Ghalilé, go dtí a mbaile féin Nasair. 40 Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé, agus do bhí sé lán d’eagna: agus do bhí grás Dé air. 41 Agus do théigheadh a athair agus a mháthair suas go h‐Iarúsalem gach bliadhain le linn féile na Cásca. 42 Agus nuair do bhí sé dhá bhliadhain déag d’aois, do chuadar suas mar ba ghnáthach, aimsir na féile; 43 agus nuair do bhí na laethe chaithte aca, agus iad ag filleadh, d’fhan an gasúr Íosa i nIarúsalem; agus ní raibh a fhios sin ag a athair ná ag a mháthair; 44 acht do mheasadar gur ’n‐a gcuideachtain do bhí sé, agus do‐rinneadar aistear lae; agus do bhíodar g‐á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais; 45 agus nuair nach bhfuaradar é d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, g‐á lorg. 46 Agus tharla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall ’n‐a shuidhe i measc na n‐ollamh, ag éisteacht leo agus ag cur ceisteann ortha: 47 agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé. 48 Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn. 49 Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a rabhabhar ar mo lorg‐sa? nach raibh a fhios agaibh go gcaithfinn gnótha m’Athar do dhéanamh? 50 Agus níor thuigeadar an nidh adubhairt sé leo. 51 Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe. 52 Agus d’fhás Íosa i n‐eagna, agus i n‐aois, agus i ngrás i bhfiadhnaise Dé agus daoine. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society