Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus tugadh foillsiú dhó ó’n Spiorad Naomh nach bhfeicfeadh sé bás nó go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Agus bhí an Spiorad Naomh dʼéis a nochtadh dó nach mblaisfeadh sé an bás go bhfeicfeadh sé an Críost a chuirfeadh an Tiarna uaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Agus d’fhoillsigh an Spiorad Naomh dó nach bhfeicfeadh sé bás sul a bhfeiceadh sé Críost an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus do fhoillsigh an Spiorad Náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé Criosd an Tighearna,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:26
20 Tagairtí Cros  

Annsin tugadh foráileamh i n‐aisling dóibh gan filleadh ar Ioruath, agus do chuadar bóthar eile ar ais chum a dtíre féin.


Anois, a Thighearna, cuireann tú do sheirbhíseach uait, Le síothcháin, de réir do bhriathair,


Acht adeirim libh go fírinneach, Atá roinnt díobh‐san atá ’n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás, nó go bhfeicfidh siad ríoghacht Dé.


Fuair seisean ar dtús a dhearbhráthair féin, Síomón, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le rádh, an Críost).


acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean.


Tagaidh go bhfeicidh sibh fear d’innis damh‐sa gach a ndearnas riamh: an féidir gurb é an Críost é?


Go fírinneach adeirim libh, Má choimhéadann duine ar bith mo bhriathar, ní fheicfidh sé bás go deoidh.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.


g‐á mhíniú agus g‐á áiteamh gurbh éigean do’n Chríost fulang, agus éirghe ó na marbhaibh; agus gur ab é an t‐Íosa so, fhógraim‐se dhaoibh, an Críost.


Uime sin, bíodh a fhios go dearbhtha ag pobal Israel go bhfuil Tighearna agus Críost déanta ag Dia de’n Íosa so do chrochabhair‐se.


Agus ar ball, ins na sionagógaibh, do chraobhscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é.


Is tré chreideamh do h‐aistrigheadh Énoch chum nach bhfeicfeadh sé an bás: agus ní raibh sé le fágháil; toisc gur aistrigh Dia é: óir sarar h‐aistrigheadh é fuair sé an teist gur thaithin sé le Dia:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí