Lúcás 2 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012Oíche Nollag 1 Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chaesar Ágastas an domhan uile a chlárú. 2 Ba é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuirínias ina ghobharnóir ar an tSiria. 3 Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. 4 Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, 5 chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. 6 Agus tharla, le linn dóibh a bheith ann, gur tháinig a hionú, 7 agus rug sí a céad-ghin mhic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. 8 Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireachán oíche i mbun a dtréada. 9 Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. 10 Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: 11 rugadh Slánaitheoir daoibh inniu–is é Críost an Tiarna é–i gcathair Dháiví. 12 Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.” 13 Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: 14 “Glóir do Dhia in uachtar Neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!” 15 Agus nuair a dʼimigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a dʼinis an Tiarna dúinn.” 16 Agus dʼimigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. 17 Agus ar a fheiceáil dóibh, dʼinis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. 18 Agus cách a chuala, bʼionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. 19 Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. 20 Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo. An Timpeallghearradh: An Toirbhirt 21 Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeall-ghearradh, tugadh ‘Íosa’ mar ainm air, mar a thug an t-aingeal air sular gábhadh sa bhroinn é. 22 Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go hIarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna– 23 mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fireannach atá ina chéad-ghin, is rud coisricthe don Tiarna é”– 24 agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.” 25 Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. 26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. 27 Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí a bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, 28 ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt: Caintic Shimeon 29 “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir dʼfhocail, faoi shíocháin, 30 mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil 31 atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile: 32 solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.” Tairngreacht Shimeon 33 Agus bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionaidh de na nithe a dúradh mar gheall air. 34 Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Féach, is dán dó seo a bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar– 35 agus gabhfaidh claíomh trí dʼanam féin–chun go bhfoilseofar smaointe as mórán croíthe.” 36 Agus bhí ban-fháidh ann freisin, Anna iníon Fhanúéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóchta. 37 Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus dʼoíche le troscadh agus le hurnaithe. 38 Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le hIarúsailéim a fhuascailt. 39 Nuair a bhí gach ní curtha i gcríoch acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. 40 Agus dʼfhás an leanbh agus neartaigh, é lán dʼeagna; agus bhí grásta Dé ina luí air. Íosa i Measc na Máistrí 41 Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcomhair fhéile na Cásca. 42 Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile; 43 agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, dʼfhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan a fhios dá thuismitheoirí. 44 Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad dá lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais, 45 agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go hIarúsailéim dá lorg. 46 I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. 47 Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. 48 Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí mise agus dʼathair do do lorg go cráite.” 49 Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach mʼAthar nárbh fholáir dom a bheith?” 50 Ach níor thuig siad an focal a labhair sé leo. 51 Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. 52 Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine. |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.