Lúcás 2 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil II Teacht ar an tsaoghal do Chríost: a ofráil san teampall: tairngireacht Shimeoin. Gheibhthear Críost i n-aois a dhá bhliadhan déag san teampall imeasc na ndoctúirí. 1 Agus thárla ins na laethe sin go ndeachaidh órdughadh amach ó Chaesar August go ndéanfaidhe áireamh ar an domhan go léir. 2 B’é Curínus, uachtarán na Síre, a rinne an t-áireamh seo i gcéaduair. 3 Agus chuaidh na daoine go léir chun go ndéantaí iad d’áireamh, gach aoinneach go dtí a chathair féin. 4 Agus chuaidh Ióseph fosta suas as an Ghailile, ó chathair na Nasaire, go h-Iudaia, go cathair Dháibhidh, ar a dtugtar Beithil, siocair gurbh de theaghlach agus de shliocht Dháibhidh é, 5 Chun go ndéantaí a áireamh i n-aoinfheacht le Muire, a bhainchéile, a bhí ag iomchar cloinne. 6 Agus thárla, nuair a bhí siad annsin, go dtáinic a h-am chun an leanbh a thabhairt ar an tsaoghal. 7 Agus rug sí a céid-ghein mic, agus chuach sí i n-éadach ceangail é, agus leag sí i mainséar é, mar nach raibh áit ar bith fá n-a gcoinne san tigh ósta. 8 Agus san cheanntar chéadna bhí aodhairí ag faire agus ag congbháil a dtráth oidhche ar a dtréada. 9 Agus féach, tháinic aingeal ó’n Tighearna gur sheasuigh se i n-aice leo, agus las solus Dé thart fá dtaoibh díobh, agus tháinic eagla mhór ortha. 10 Agus dubhairt an t-aingeal leo: Ná bíodh eagla oraibh; óir féach, bheirim scéala maith díbh fá lúthgháir mhóir atá le theacht chuig na daoine go léir; 11 Óir tá Slánuightheoir, is é sin le rádh, Críost, an Tighearna, beirthe díbh indiu i gcathair Dháibhidh. 12 Agus béidh seo ina chómhartha agaibh: gheobhaidh sibh an leanbh cuachta i n-éadach ceangail agus é ina luighe i mainséar. 13 Agus i dtoibinne bhí i gcuideachta an aingil sluagh mór de lucht na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rádh: 14 Glóir do Dhia i n-árd na bhflaitheas, agus ar talamh síothcháin do lucht na déagh-thola. 15 Agus thárla, nuair a d’imthigh na h-aingle uatha chun na bhflaitheas, gur dhubhairt na h-aodhairí le n-a chéile: Téighimís anonn go Beithil, go bhfeicimíd an briathar seo a thárla, agus a d’fhoillsigh an Tighearna dúinn. 16 Agus tháinic siad fá dheifre, agus fuair siad Muire agus Ióseph, agus an leanbh ina luighe san mhainséar. 17 Agus nuair a chonnaic siad, thuig siad an rud a dubhradh leo fá’n leanbh seo. 18 Agus na h-uile dhaoine dár chuala, bhí iongantas ortha fá na neithe a d’innis na h-aodhairí dóibh. 19 Agus thaiscigh Muire na briathra sin uilig, ghá mbreathnughadh ina croidhe. 20 Agus phill na h-aodhairí ag tabhairt glóire agus molta do Dhia, mar gheall ar a bhfaca agus ar ar chuala siad, do réir mar dubhradh leo. 21 Agus nuair a críochnuigheadh na h-ocht laethe chun an leanbh a thimcheallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, an t-ainm a thug an t-aingeal air sul ar gabhadh é san bhroinn. 22 Agus nuair a bhí laethe a glanta caithte do réir dlighe Mhaoise, thug siad go h-Ierusalem é chun é chur i láthair an Tighearna, 23 Do réir mar atá scríobhtha i ndlighe an Tighearna: Gach fireann a thig as bhroinn béidh sé naomhtha do’n Tighearna, 24 Agus chun go dtabharadh siad an ofráil, mar atá ráidhte i ndlighe an Tighearna, cúpla colmán, nó dhá cholmán óga. 25 Agus féach, bhí duine i n-Ierusalem arbh ainm dó Simeon, agus bhí an duine sin cóir agus diadhanta, agus é ag súil le sólás Israéil agus bhí an Spiorad Naomh ann. 26 Agus d’fhoillsigh an Spiorad Naomh dó nach bhfeicfeadh sé bás sul a bhfeiceadh sé Críost an Tighearna. 27 Agus tháinic sé san Spiorad isteach san teampall. Agus nuair a thug a athair agus a mháthair an leanbh Íosa isteach le déanamh dó do réir nós an dlighe, 28 Ghabh seisean chuige ina ucht é, agus mhol sé Dia, agus dubhairt: 29 Anois, a Thighearna, leigeann tú do do sheirbhíseach imtheacht fá shíothcháin do réir do fhocail, 30 Óir chonnaic mo shúla do shlánughadh, 31 Rud a d’ullmhuigh tú ós cómhair an uile phobail, 32 Solus chun na cinidheacha a shoillsiughadh, agus glór do do phobal féin Israél. 33 Agus bhí a athair agus a mháthair ag déanamh iongantais fá na neithe seo a dubhradh fá dtaoibh de. 34 Agus thug Simeon a bheannacht dóibh, agus dubhairt sé le Muire, a mháthair: Féach, tá sé i ndán dó seo a bheith ina chúis thuitime agus ina chúis eiséirghe ag mórán i n-Israél, agus ina chómhartha a gcuirfear ina aghaidh; 35 Agus rachaidh claidheamh fríd d’anam féin, ionnas go nochttar smaointe as mórán croidhthe. 36 Agus bhí banfháidh ann, Anna, inghean Phanueil, de threibh Aser; bhí sí siar go mór i mbliadhanta, agus bhí sí i ndiaidh seacht mbliadhna a chaitheamh le n-a fear ó bhí sí ina h-óigh. 37 Agus bhí sí ina baintreabhaigh go h-aois a ceithre scór agus ceithre bliadhna, agus ní fhágadh sí an teampall, acht ag tabhairt seirbhíse do Dhia lá agus oidhche le troscadh agus urnaighe. 38 Agus ag teacht i láthair díthe-se an uair chéadna, d’admhuigh sí an Tighearna, agus labhair sí air le gach duine dá raibh ag dréim le fuascladh Israéil. 39 Agus nuair a bhí gach nídh cóimhlíonta acu do réir dlighe an Tighearna, phill siad go dtí an Ghailile, go Nasair, a gcathair féin. 40 Agus d’fhás an gasúr, agus d’éirigh sé láidir, lán d’eagna; agus bhí grásta Dé ann. 41 Agus théigheadh a athair agus a mháthair go h-Ierusalem gach bliadhain lá sollamhanta na Cásca. 42 Agus nuair a bhí sé dhá bhliadhain déag d’aois chuaidh siad suas go h-Ierusalem do réir nós na féile, 43 Agus nuair a bhí na laethe caithte agus iad ag pilleadh, d’fhan an páiste, Íosa, i n-Ierusalem, agus ní raibh a fhios sin ag a mhuinntir. 44 Agus mar gur mheas siad é a bheith san chuideachta, tháinic siad siubhal lae, agus chuir siad a thuairisc imeasc a ngaolta agus a lucht aitheantais. 45 Agus mar nach bhfuair siad é, phill siad go h-Ierusalem ar a lorg. 46 Agus thárla, i gcionn na dtrí lá, go bhfuair siad san teampall é ina shuidhe imeasc na ndoctúirí ag éisteacht leo agus ghá gceistiughadh. 47 Agus bhí iongantas ar a raibh ag éisteacht leis fá n-a eagna agus fá n-a fhreagracha. 48 Agus nuair a chonnaic siad-san é, bhí iongantas ortha. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad chuige a ndearna tú seo orainn? Féach, bhí mise agus do athair fá bhrón do chuartughadh. 49 Agus dubhairt seisean leo: Cad chuige a raibh sibh mo chuartughadh? Nach raibh a fios agaibh go bhfuil agam-sa le bheith ag gabháil do na neithe a bhaineas le m’Athair? 50 Agus níor thuig siad-san an focal a dubhairt sé leo. 51 Agus chuaidh sé síos leo, agus tháinic sé go Nasair, agus bhí sé umhal dóibh. Agus chongbhuigh a mháthair na focail sin uilig ina croidhe. 52 Agus chuaidh Íosa ar aghaibh i n-eagna, i n-aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland