Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Agus bhí an Spiorad Naomh dʼéis a nochtadh dó nach mblaisfeadh sé an bás go bhfeicfeadh sé an Críost a chuirfeadh an Tiarna uaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Agus d’fhoillsigh an Spiorad Naomh dó nach bhfeicfeadh sé bás sul a bhfeiceadh sé Críost an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus tugadh foillsiú dhó ó’n Spiorad Naomh nach bhfeicfeadh sé bás nó go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus do fhoillsigh an Spiorad Náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé Criosd an Tighearna,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:26
20 Tagairtí Cros  

Agus do tugadh foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n-ais go dtí Héród, agus chuadar bóthar eile thar n-ais chun a dtíre féin.


Anois a leigeann tú chun siubhail, a Thighearna, do seirbhíseach, do réir t’fhocail i síothcháin,


Deirim libh go fíor, ámhthach, go bhfuil daoine ’n-a seasamh anso ná blaisfidh bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé.


Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost).


Ach do sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur bh’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ghá chreideamhaint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.


Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh’innis dómh-sa gach nídh d’ár dheineas; an féidir gur b’é an Críost é?


Go deimhin deimhin adeirim libh, má choimeádann aon duine mo bhriathar ní fheicfidh sé bás go deó.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


’Ghá osgailt dóibh agus ’gha chur ’n-a luighe ortha conus nár bhfoláir do’n Chríost fulag agus eirighe ós na mairbh; agus gur bh’é seo an t-Íosa Criost, atá agamsa d’á fhógairt daoibhse.


Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n-Israél, Íosa so a dheineabhairse a tárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost.


Agus láithreach, ins na sinagógaibh, bhí sé ag seanmóin i dtaobh Íosa, gur b’ é Mac Dé é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí