Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Anois bhí fear ann in Iarúsailéim, arbh ainm dó Siméón, agus bʼfhíréanta cráifeach an fear é, agus é ag dréim le séan agus sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus féach, bhí duine i n-Ierusalem arbh ainm dó Simeon, agus bhí an duine sin cóir agus diadhanta, agus é ag súil le sólás Israéil agus bhí an Spiorad Naomh ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus féach, do bhí i nIarúsalem fear darbh ainm Simeon; agus do bhí an fear so fíréanta, diadha, agus é ag súil le sólás Israel: agus do bhí an Spiorad Naomh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus, féuch, do bhí duine a Níarusaléim, dár bhainm Símeon; agus do bhí an fearso comhthrom diadha, agus a shúil ré comhfhurtachd Israel: agus do bhí an Spíorad Náomh ann,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:25
22 Tagairtí Cros  

Tháinig Ióseph ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a bhí ag súil le rígheacht Dé chómh maith le cách, agus chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíláit, agus d’iarr se corp Íosa air.


Agus do thárla, nuair a d’airigh Elisabet beannachadh Muire gur léim an leanbh a bhí ’n-a broinn. Agus do líonadh Elisabet de’n Spioraid Naomh.


Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim.


Agus do líonadh Sacarias, a athair, leis an Spioraid Naomh, agus do thargair sé mar seo:


Agus tháinig sí sin do láthair an uair chéadna, agus d’admhuigh sí an Tighearna agus do labhair sí ’n-a thaobh le gach duine a bhí ag súil le fuasgailt Israéil.


Níor thoiligh sé leis an gcómhairle ’ná le n-a ngníomhartha; ó Arimatéa b’eadh é, cathair i n-Iúdaéa; agus bhí sé ag súil le rígheacht Dé:


Fear diadha n-a raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach, do thugadh mórán déarca uaidh do sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coitchianta.


Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoraonta úmhal do Dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait.


Agus bhí ’n-a gcómhnuidhe i n-Ierúsalem Iúdaíg, daome diadha as gach náisiún fé’n spéir.


Táim féin ag déanamh mo dhíchill air seo, mo choínsias a chimeád glan i gcómhnuighe chun Dé agus chun daoine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí