Lúcás 2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL II. Beirtear Críost. Tugtar do’n Tighearna é. Targaireacht Simeón. Faghtar Críost, i n-aoír a dhá bhlian déag, ameasg na ndochtúirí. 1 Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir. 2 Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n’ uachtarán ar crích Síria. 3 Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d’áireamh, gach aoinne ’n-a chathair féin. 4 Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é. 5 Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne. 6 Agus do thárla, agus iad ann, go dtáinig a h-aimsir chun na clainne do bhreith; 7 Agus do rug sí a mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n-éadaighibh é, agus chuir sí ’n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda. 8 Agus do bhí aodhairí sa cheanntar chéadna agus iad ag faire na dtráth sa n-oidhche ar a dtréad. 9 Agus féach, tháinig aingeal ó’n dTighearna agus sheasaimh sé ’n-a n-aice, agus do las solus Dé ’n-a dtímpal, agus tháinig eagla mór ortha. 10 Agus dubhairt an t-aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir; 11 mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid. 12 Agus seo cómhartha dhaoibh: Gheobhaidh sibh an leanbh fillte i n-éadaighibh ’n-a luighe i mainséar. 13 Agus láithreach do bhí i bhfochair an aingil mór-shluagh na bhflathas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís: 14 Glóire do Dhia ins na flathais go h-árd, agus ar talamh síothcáin do lucht deagh-mhéinne. 15 Agus do thárla, nuair a d’imthigh na h-aingil uatha suas ins na flathais, gur labhair na h-aodhairí le n-a chéile: Téighmís go Betlehem agus feicimís an briathar so do thárla ann, agus a thaisbeáin Dia dhúinn. 16 Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar. 17 Agus nuair a chonacadar do thuigeadar ’n-a n-aigne i dtaobh an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san. 18 Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh’innis na h-aodhairí dhóibh. 19 Agus do choimeád Muire na labhartha san go léir, ghá mbreithniú ’n-a croidhe. 20 Agus d’fhill na h-aodhairí agus thugadar moladh agus glóire do Dhia mar gheall ar a bhfeacadar agus ar ar chloiseadar, fé mar a dubhradh leó. 21 Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air sar ar gabhadh é sa broinn. 22 Agus nuair a bhí laethanta a h-íodhnuighthe caithte do réir dlíghe Mhaoise, do rugadar leó an leanbh go Ierúsalem chun go gcuirfidís i láthair an Tighearna é, 23 Do réir mar atá sgríobhtha i ndlígh an Tighearna: Gach firean ag osgailt broinne is naomhtha chun an Tighearna é. 24 Agus chun go dtabharfaidís an ofráil mar a h-órduighthear i ndlígh an Tighearna, cúpla colúr nó dhá ghearrcach colúir. 25 Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann. 26 Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna. 27 Agus tháinig sé, sa spioraid, isteach sa teampul. Agus nuair a thug a mhuintir an leanbh Íosa isteach ann, ag cómhlíonadh nóis na dlíghe dhó; 28 Do thóg seisean chuige i n’ucht é, agus thug sé moladh do Dhia agus dubhairt sé: 29 Anois a leigeann tú chun siubhail, a Thighearna, do seirbhíseach, do réir t’fhocail i síothcháin, 30 Óir chonaic mo shúile do shlánú, 31 A dh’ollamhuighis os cómhair na bpobal go léir; 32 Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus glóire do d’phobul féin Israél. 33 Agus bhí Ióseph agus an mháthair ag déanamh iongna de sna neithe a bhí d’á rádh ’n-a thaobh; 34 Agus do chuir Simeón a bheannacht ortha, agus dubhairt sé le Muire a mháthair: Féach, tá so ceapaithe chun díthe agus chun aiseirighthe dh’á lán i n-Israél, agus chun bheith ’n-a chómhartha a gheobhaidh diúltadh; 35 Agus raghaid claidheamh tré t’anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as mórán croidhthe. 36 Agus ban-fháidh dob’ eadh Anna inghean Phanuéil, de threibh Aser, agus bhí sí tar éis mórán laethanta chur di, agus bhí sí tar éis seacht mbliana ó n-a h-óige do chaitheamh agá fear. 37 Agus bhí sí sin ’n-a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhaghadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n-onóir do Dhia do ló agus d’oidhche. 38 Agus tháinig sí sin do láthair an uair chéadna, agus d’admhuigh sí an Tighearna agus do labhair sí ’n-a thaobh le gach duine a bhí ag súil le fuasgailt Israéil. 39 Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret. 40 Agus d’fás an mac agus do neartuigh sé, lán d’eagna, agus bhí grásta Dé ann. 41 Agus do théigheadh a mhuintir go Ierúsalem gach bliain uim fhéile na Cásga. 42 Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem do réir ghnáis na féile, 43 Agus nuair a bhí na laethanta caithte agus iad ag filleadh d’fhan an mac, Íosa, i n-Ierúsalem, agus ní raibh a fhios san agá mhuintir. 44 Cheapadar go raibh sé ameasg na ndaoine, agus thánadar siubhal aon lae ar aghaidh, agus bhíodar ’ghá lorg ameasg a ngaolta agus a lucht aithne, 45 Ach ní bhfuaradar é, agus d’fhilleadar go Ierúsalem, ’ghá lorg. 46 Agus do thárla, tar éis trí lá go bhfuaradar é sa teampul ’n-a shuidhe ameasg na n-ollamh, ag éisteacht leó agus ’ghá gceisdiú. 47 Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé. 48 Agus bhí iongna ortha-san nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t’athair agus mise go buartha ar do lorg. 49 Agus dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh ’fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhaineann le m’Athair? 50 Agus níor thuigeadar-san an focal a labhair sé leó. 51 Agus d’fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh. Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir ’n-a croidhe féin. 52 Agus do chuaidh Íosa ar aghaidh i n-eagna agus i n-aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society