Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ba sna laethanta úd a chuaigh forógra amach ó Chaesar Águstas le hordú go gclárófaí ainmneacha an tsaoil uile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus thárla ins na laethe sin go ndeachaidh órdughadh amach ó Chaesar August go ndéanfaidhe áireamh ar an domhan go léir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla ins na laethibh sin go ndeachaidh reacht amach ó Chéasar August go ndéanfaidhe cómhaireamh ar an domhan uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh áithne ó Shéasar Augustus, an domhan uile do mheas,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chaesar Ágastas an domhan uile a chlárú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:1
13 Tagairtí Cros  

Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol?


Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.


Go deimhin adeirim libh: sé áit ’n-a gcraobhsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an domhain go léir, neósfar ann, mar chuimhneamh uirthi seo, an nídh atá déanta aici.


Agus dubhairt sé leó: Gluaisidh tríd an ndomhan go léir agus deinidh an soisgéal do chraobhsgaoileadh do’n uile chréatúir.


Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d’áireamh, gach aoinne ’n-a chathair féin.


Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne.


Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,


Agus d’eirigh duine acu san d’ár bh’ ainim Agabus agus thug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raibh gorta mór le teacht ar an saoghal go léir, agus do tháinig san fé Claudius.


Má tá coir déanta agam, ná aon nídh do thuillfeadh bhás, ní’l aon chur i gcoinnibh an bháis agam; ach mura bhfuil aon nídh amhlaidh, de sna neithibh seo atá acu á chur am leith. ní’l ar chumas aon duine me thabhairt suas dóibh. Gairmim Caesar.


Ach do dhein Pól gairm, go gcimeádfí é chun go n-aireó-chadh Augustus a chúis, agus d’orduígheas é chimeádh go gcuirfead ag triall ar Chaesar é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí