Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n’ uachtarán ar crích Síria.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Ba é sin an chéad chlárú nuair a bhí Cirénius ina uachtarán ar an tSír.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 B’é Curínus, uachtarán na Síre, a rinne an t-áireamh seo i gcéaduair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Ba é seo an chéad chómhaireamh do‐rinneadh an tráth ’n‐a raibh Curénius ’n‐a cheannphort ar an tSithir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 (Ag so an céudmheas do rinneadh an tan do bhi Sirénius na úachdarán ar Shíria.)

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Ba é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuirínias ina ghobharnóir ar an tSiria.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 B'é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:2
9 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir.


Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d’áireamh, gach aoinne ’n-a chathair féin.


Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,


Agus bhí sé i bhfochair an phróchonsuil, Sergius Paulus, fear ciallmhar. Chuir sé sin fios ar Bharnabas agus ar Shaul mar ba mhian leis briathar Dé do chloisint.


Ach nuair a bhí Gallió ’n-a phróchonsul i n-Acaía d’eirigh na Iúdaígh, do thoil a chéile i n-aghaidh Phóil agus thugadar os cómhair an t-suidhebhratha é, Agus dubhradar:


Agus do sgríbh sé litir agus dubhairt sé inti: “Claudius Lusias chun an ghobhernóra ró-uasail, Féilics, sláinte.


Ansan d’eirigh an rí agus an gobhernóir agus Bernícé agus a raibh ’n-a suidhe ’n-a bhfochair.


I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaililíach, i laethibh an chómhairimh, agus tharraig sé na daoine ’n-a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chuallacht go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí