Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 B'é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Ba é sin an chéad chlárú nuair a bhí Cirénius ina uachtarán ar an tSír.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 B’é Curínus, uachtarán na Síre, a rinne an t-áireamh seo i gcéaduair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Ba é seo an chéad chómhaireamh do‐rinneadh an tráth ’n‐a raibh Curénius ’n‐a cheannphort ar an tSithir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 (Ag so an céudmheas do rinneadh an tan do bhi Sirénius na úachdarán ar Shíria.)

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n’ uachtarán ar crích Síria.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Ba é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuirínias ina ghobharnóir ar an tSiria.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:2
9 Tagairtí Cros  

Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.


Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin.


Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,


I gcuideachta Sheirgias Paulas próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil.


Le linn do Ghaillión bheith ina phróchonsal ar Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an tsuí breithimh é.


“Beatha agus sláinte ó Chlauidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix.


Ansin d'éirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo,


Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daonáirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí