Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 agus níl duine dár chuala é nach ndearna iontas ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Agus bhí iongantas ar a raibh ag éisteacht leis fá n-a eagna agus fá n-a fhreagracha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 Agus do ghabh iongnadh gach uile dhuine dá gcúalaidh é fá na thuigsin agus fá na fhreagarthaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

47 Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:47
13 Tagairtí Cros  

Agus tháinig sé isteach ’n-a dúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta?


Agus nuair a dh’airigh na daoine é bhíodar ag déanamh iongna d’á theagasg.


Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg.


Agus do chuir a theagasg iongna ortha, mar do theagaisg sé mar duine go raibh comhacht aige, murar bh’ionan a’s na Sgríbhneóirí.


Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag éisteacht leis, agus bhíodar ag machtnamh féachaint conus a thiocfaidís ar é mharbhú; óir bhí eagla acu roimis, mar bhí na daoine go léir ag déanamh iongna d’á theagasg.


Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaidh sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iongna d’á theagasg, agus deiridís: Ca bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d’oibreachaibh móra agus a déintear tré n-a lámhaibh?


Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh’innis na h-aodhairí dhóibh.


Agus do thárla, tar éis trí lá go bhfuaradar é sa teampul ’n-a shuidhe ameasg na n-ollamh, ag éisteacht leó agus ’ghá gceisdiú.


Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo?


Agus chuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.


Agus bhí na Iúdaigh ag déanamh iongna dhe, agus deiridís: Cá bhfuair sé seo an léigheann a bheith aige, agus nár fhoghluim sé é?


Agus dubhairt na h-oificeacha leó: Níor labhair aon duine riamh mar a labhrann an duine seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí