Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do rug sí a mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n-éadaighibh é, agus chuir sí ’n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus rugadh a céad duine clainne di agus dʼfháisc sí i gcrios ceangail é, agus chuir sí ina luí i mainséar é, ó nach raibh áit acu dóibh san ósta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus rug sí a céid-ghein mic, agus chuach sí i n-éadach ceangail é, agus leag sí i mainséar é, mar nach raibh áit ar bith fá n-a gcoinne san tigh ósta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus rug sí mac, a céad‐ghein; agus d’fhill sí i n‐éadaighibh é, agus do chuir sí ’n‐a luighe i mainséar é, toisc nach raibh slighe dhóibh sa tigh ósta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do chuir sí giobuil cheangail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainséur é; do bhrígh nach raibh ait aca sa tigh ósda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 agus rug sí a céad-ghin mhic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:7
16 Tagairtí Cros  

Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.


Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráithribh Séamus agus Ióseph agus Símón agus Iúdás?


Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann.


Agus chuaidh sé anonn chuige agus do cheangail sé suas a chneadhacha tar éis oíle agus fíona do chur ionta, agus chuir sé ar muin a bheithígh féin é, agus thug sé leis é go dtí an tigh ósda, agus thug sé aire dhó.


Agus do thárla, agus iad ann, go dtáinig a h-aimsir chun na clainne do bhreith;


Agus do bhí aodhairí sa cheanntar chéadna agus iad ag faire na dtráth sa n-oidhche ar a dtréad.


Agus do dhein feóil de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí