Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus rug sí mac, a céad‐ghein; agus d’fhill sí i n‐éadaighibh é, agus do chuir sí ’n‐a luighe i mainséar é, toisc nach raibh slighe dhóibh sa tigh ósta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus rugadh a céad duine clainne di agus dʼfháisc sí i gcrios ceangail é, agus chuir sí ina luí i mainséar é, ó nach raibh áit acu dóibh san ósta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus rug sí a céid-ghein mic, agus chuach sí i n-éadach ceangail é, agus leag sí i mainséar é, mar nach raibh áit ar bith fá n-a gcoinne san tigh ósta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do chuir sí giobuil cheangail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainséur é; do bhrígh nach raibh ait aca sa tigh ósda.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do rug sí a mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n-éadaighibh é, agus chuir sí ’n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 agus rug sí a céad-ghin mhic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:7
16 Tagairtí Cros  

acht níor aithin sé í nó go rug sí mac, agus thug sé ÍOSA mar ainm air.


Nach é seo mac an tsiúinéara? Nach dtugtar Muire ar a mháthair? agus Séamas, agus Seosamh, agus Síomón, agus Iúdás ar a dhearbhráithribh?


Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.


agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh truagh mhór dó é, agus do chuaidh sé chuige, agus do cheangail sé a chneadhacha, ag dortadh ola agus fíona ortha; agus do chuir sé ar muin a bheithidhigh féin é, agus thug sé leis é go tigh ósta, agus thug sé aire dhó.


Agus tharla, le linn dóibh bheith annsin, go dtáinig am a seolta.


Agus do bhí aodhairí sa dúthaigh chéadna ’n‐a gcómhnaidhe ar an machaire, agus iad ag faire a dtréad san oidhche.


Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne.


Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.


acht nuair tháinig an t‐am, do chuir Dia uaidh a Mhac, tugadh ó mhnaoi, rugadh fá’n dlighe,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí