Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus do chuir Simeón a bheannacht ortha, agus dubhairt sé le Muire a mháthair: Féach, tá so ceapaithe chun díthe agus chun aiseirighthe dh’á lán i n-Israél, agus chun bheith ’n-a chómhartha a gheobhaidh diúltadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 agus bheannaigh Siméón iad agus dúirt sé le Muire a mháthair, “Féach, beidh an leanbh seo ina chúis titime agus éirithe ag mórán daoine in Iosrael, agus beidh sé ina chomhartha a bheas á cháineadh

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Agus thug Simeon a bheannacht dóibh, agus dubhairt sé le Muire, a mháthair: Féach, tá sé i ndán dó seo a bheith ina chúis thuitime agus ina chúis eiséirghe ag mórán i n-Israél, agus ina chómhartha a gcuirfear ina aghaidh;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 agus do bheannuigh Simeon iad, agus adubhairt sé le Muire, a mháthair, Féach, atá sé seo ceaptha chum leagtha agus chum aiséirighthe móráin i nIsrael, agus chum bheith ’n‐a chómhartha go gcuirfear ’n‐a aghaidh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus do bheannuigh Símeon íad, agus a dubhairt sé ré Muire a mhathairsion, Féuch, a tá sé so ar na órdughadh do chum tuitme agus eiséirghe mhóráin a Nisraél; agus na chomhartha agá gcuirfithear na aghaidh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Féach, is dán dó seo a bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar–

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:34
38 Tagairtí Cros  

Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n-a clainn féin.


An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis.


Agus an t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.


Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.


Agus raghaid claidheamh tré t’anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as mórán croidhthe.


Óir, gach aoinne a bhíonn ag déanamh an uilc bíonn fuath aige do’n tsolus, agus ní thagann sé chun an tsoluis le h-eagla go gcáinfí a ghniomhartha.


Mar gheall air sin ba ró-mhian leis na Iúdaigh é chur chun báis, toisg nár bh’é amháin go raibh sé ag briseadh na sabbóide, ach ’n-a theannta san go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a athair, ’ghá cur féin ar aon dul le Dia.


Ansan nuair a chonnaic na Iúdaígh na sluaighte do líonadar d’fhormad agus bhiodar ag bréagnú na cainnte a deireadh Pól, go diamhasluightheach.


Agus nuair ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de sna bhráithre i láthair uachtaráin na catharach, rádh go h-árd: tháinig anso, leis, an aicme seo atá ag cur na catharach tré chéile,


Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanamh toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an domhain agus ’n-a cheann ar an aicme annrianta san, na Nasarénach.


Ach iarraimíd ort a d’innsint dúinn cad is dóigh leat; óir i dtaobh na h-aicme seo, is eól dúinn go bhfuil-cear ag gabháil ’n-a gcoinnibh ins gach aon bhall.


Ríghthe an domhain ag cur cos i dtalamh agus na priúnsaí ag teacht i gceann a chéile i n-aghaidh an Tighearna agus i n-aghaidh a Chriost?”


Agus bhí briathar an Tighearna ag fás agus uimhir na ndeisgiobul ag dul i líonmhaire go mór i n-Ierúsalem, agus bhí cuallacht mhór de sna sagairt féin tar éis géille do’n chreideamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí