Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 agus do bheannuigh Simeon iad, agus adubhairt sé le Muire, a mháthair, Féach, atá sé seo ceaptha chum leagtha agus chum aiséirighthe móráin i nIsrael, agus chum bheith ’n‐a chómhartha go gcuirfear ’n‐a aghaidh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 agus bheannaigh Siméón iad agus dúirt sé le Muire a mháthair, “Féach, beidh an leanbh seo ina chúis titime agus éirithe ag mórán daoine in Iosrael, agus beidh sé ina chomhartha a bheas á cháineadh

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Agus thug Simeon a bheannacht dóibh, agus dubhairt sé le Muire, a mháthair: Féach, tá sé i ndán dó seo a bheith ina chúis thuitime agus ina chúis eiséirghe ag mórán i n-Israél, agus ina chómhartha a gcuirfear ina aghaidh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus do bheannuigh Símeon íad, agus a dubhairt sé ré Muire a mhathairsion, Féuch, a tá sé so ar na órdughadh do chum tuitme agus eiséirghe mhóráin a Nisraél; agus na chomhartha agá gcuirfithear na aghaidh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus do chuir Simeón a bheannacht ortha, agus dubhairt sé le Muire a mháthair: Féach, tá so ceapaithe chun díthe agus chun aiseirighthe dh’á lán i n-Israél, agus chun bheith ’n-a chómhartha a gheobhaidh diúltadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Féach, is dán dó seo a bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar–

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:34
38 Tagairtí Cros  

Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus is é adeirid, Féach an duine craosach, agus póitire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! Acht cheana is le n‐a gníomharthaibh fíorthar an eagna.


Le linn cainnte leis an bpobal dó, féach, do bhí a mháthair agus a dhearbhráithre amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leis.


Agus cibé duine thuitfeas ar an gcloich seo, brisfear é ’n‐a bhroscar: acht cibé duine ar a dtuitfidh sí, scriosfaidh sí é.


A thighearna, is cuimhin linn go ndubhairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireochad arís.


agus rachfaidh claidheamh tré lár t’anma féin; ionnas go nochtfar smaointe as mórán croidhthe.


Óir gach duine chleachtas an t‐olc bíonn fuath aige do’n tsolas, agus ní thig sé chum an tsolais, ar eagla go nochtfaidhe a ghníomhartha.


Ar an adhbhar sin ba dhéine do bhí na h‐Iúdaigh ag tnúth le n‐a chur chum báis, ní h‐é amháin gur bhris sé an tsabóid, acht go ndubhairt sé gurbh é Dia a Athair, g‐á chur féin ar aon dul le Dia.


Acht nuair do chonnaic na h‐Iúdaigh na sluaighte, do líonadar d’éad, agus do chuireadar i gcoinnibh na neithe do labhair Pól, agus thugadar masla dhó.


Agus nuair nach bhfuaradar iad, do tharraingeadar Iásón agus cuid de na bráithreachaibh i láthair riaghlóir na cathrach, g‐á rádh, Na daoine seo go bhfuil an domhan bun os cionn aca, atá siad tagtha go dtí an áit seo, leis.


Is amhlaidh fuaramar an fear so ’n‐a ughdar tubaiste agus ’n‐a adhbhar ceannairce i measc na nIúdach ar fud an domhain, agus é ’n‐a cheann ar aicme na Nasardhach:


Acht ba mhian linn fios scéil d’fhágháil uait i dtaobh a gcreideann tú: óir, i dtaobh na h‐aicme seo, is eol dúinn go bhfuiltear ag cainnt ’n‐a coinnibh ins gach áit.


Do ghléas righthe an domhain iad féin. Agus do chruinnigh na riaghlóirí le chéile, I gcoinnibh an Tighearna, agus i gcoinnibh a Ungthaigh:


Agus do bhí briathar Dé ag leathadh; agus bhí uimhir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do bhí a lán de na sagartaibh d’umhluigh do’n chreideamh.


Cad chuige sin? De bhrigh nár tré chreideamh do bhíodar g‐á lorg, acht mar bhéadh tré oibreachaibh. Do baineadh tuisleadh asta ar cheap an tuislidh:


fógraimíd‐ne Críost, agus é céasta, ’n‐a cheap tuislidh do na h‐lúdachaibh, agus ’n‐a dhíth‐céille do na Gréagachaibh;


Óir an Melcisedec so, rí Shálem, sagart an Dé is áirde, do theagmhuigh sé le hAbrachaim ag filleadh ar ais dó ó ár na ríogh,


Agus gan ceist ar bith is é an té is lughá beannuightear ó’n té is mó.


Má masluightear sibh ar son ainme Críost is aoibhinn daoibh, óir luigheann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí