Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus chuadar ann le deifir, go bhfuair siad Muire ann agus Iósaf, agus an leanbh ina luí sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus tháinic siad fá dheifre, agus fuair siad Muire agus Ióseph, agus an leanbh ina luighe san mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus thángadar go deifreach, agus fuaradar Muire agus Seosamh, agus an leanbh ’n‐a luighe i mainséar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Ióseph, agus an náoidhe na luighe a mainnséur.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Agus dʼimigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:16
8 Tagairtí Cros  

Agus d’eirigh Muire ins na laethibh sin, agus d’imthigh gan ríghneas fé dhéin na gcnoc, go cathair Iúdach.


Agus d’imthigh na teachtairí, agus fuaradar, mar a dubhairt sé, an searrach ’n-a sheasamh.


Agus seo cómhartha dhaoibh: Gheobhaidh sibh an leanbh fillte i n-éadaighibh ’n-a luighe i mainséar.


Agus do thárla, nuair a d’imthigh na h-aingil uatha suas ins na flathais, gur labhair na h-aodhairí le n-a chéile: Téighmís go Betlehem agus feicimís an briathar so do thárla ann, agus a thaisbeáin Dia dhúinn.


Agus nuair a chonacadar do thuigeadar ’n-a n-aigne i dtaobh an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san.


Agus do rug sí a mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n-éadaighibh é, agus chuir sí ’n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda.


Agus d’imthigheadar agus fuaradar gach nídh mar a dubhairt sé leó agus d’ollamhuigheadar an cháisg.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí