Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus thángadar go deifreach, agus fuaradar Muire agus Seosamh, agus an leanbh ’n‐a luighe i mainséar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus chuadar ann le deifir, go bhfuair siad Muire ann agus Iósaf, agus an leanbh ina luí sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus tháinic siad fá dheifre, agus fuair siad Muire agus Ióseph, agus an leanbh ina luighe san mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Ióseph, agus an náoidhe na luighe a mainnséur.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Agus dʼimigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:16
8 Tagairtí Cros  

Agus d’éirigh Muire ins na laethibh sin, agus do chuaidh sí le deifir fá dhéin na gcnoc, go cathair i nIúda;


Agus d’imthigh siad‐san do cuireadh, agus fuaradas de réir mar dubhairt sé leo.


Agus is é seo a chómhartha dhaoibh; Do‐gheobhaidh sibh naoidheanán, é fillte i n‐éadaighibh agus ’n‐a luighe i mainséar.


Agus tharla, nuair d’imthigh na h‐aingil uatha ar neamh, go ndubhairt na h‐aodhairí le chéile, Téighmis chómh fada le Beithil go bhfeicfimíd an nidh seo tharla, mar d’fhógair an Tighearna dhúinn.


Agus ar n‐a fheiesin sin dóibh, d’inniseadar a ndubhradh dhóibh i dtaobh an leinbh sin.


Agus rug sí mac, a céad‐ghein; agus d’fhill sí i n‐éadaighibh é, agus do chuir sí ’n‐a luighe i mainséar é, toisc nach raibh slighe dhóibh sa tigh ósta.


Agus do chuadar, agus fuaradar mar adubhairt sé leo: agus d’ullmhuigheadar an cháisc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí