Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus féach, tháinig aingeal ó’n dTighearna agus sheasaimh sé ’n-a n-aice, agus do las solus Dé ’n-a dtímpal, agus tháinig eagla mór ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus nocht aingeal an Tiarna dóibh, agus lonraigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí dianeagla orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus féach, tháinic aingeal ó’n Tighearna gur sheasuigh se i n-aice leo, agus las solus Dé thart fá dtaoibh díobh, agus tháinic eagla mhór ortha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus do sheas aingeal ó’n Tighearna le n‐a n‐ais, agus do shoillsigh glóir an Tighearna ’n‐a dtimcheall: agus do bhí eagla mhór ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus, féuch, do sheas aingeal an Tighearna láimh léo, agus do shoillsigh ghlóir an Tighearna na dtimcheall: agus do ghabh eagla mhór íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:9
27 Tagairtí Cros  

Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici.


Agus tháinig an t-aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh.


Agus do bhí aodhairí sa cheanntar chéadna agus iad ag faire na dtráth sa n-oidhche ar a dtréad.


Agus do thárla, nuair a bhí an alltacht ortha mar gheall air sin, go raibh, féach, beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach lonnrach ortha.


Dubhairt Isáias na neithe sin nuair a chonaic sé a ghlóire, agus nuair a labhair sé air.


Agus féach, do sheasaimh aingeal ó’n d-Tighearna i n-aice leis, agus do las solus sa tseómra, agus do bhuail an t-aingeal sa chliathán é agus dhúisgh sé é, agus dubhairt sé: Éirigh d’urchar! Agus do thuit na slabhraí d’á lámhaibh.


Óir do sheasaimh taoibh liom anocht aingeal Dé, n-ar leis mise agus dá ndeinim seirbhís, Agus dubhairt sé:


Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n-oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí