Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus dubhairt an t-aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus dúirt an t‑aingeal leo, “Ná bíodh eagla oraibh; mar féachaigí, táim ag teacht chugaibh le scéal áthasach a insint daoibh faoin lúcháir atá le bheith ar na daoine uile;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus dubhairt an t-aingeal leo: Ná bíodh eagla oraibh; óir féach, bheirim scéala maith díbh fá lúthgháir mhóir atá le theacht chuig na daoine go léir;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus adubhairt an t‐aingeal leo, Ná bíodh eagla oraibh; óir, féach, do‐bheirim daoibh deagh‐scéala ar áthas mór bhéas i gcómhair na ndaoine uile:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Agus dúirt an t‑aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:10
30 Tagairtí Cros  

Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.


Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.


Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh.


Agus dubhairt sé: Tá an aimsir caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh aithrighe agus creididh an soisgéal.


Agus dubhairt sé leó: Gluaisidh tríd an ndomhan go léir agus deinidh an soisgéal do chraobhsgaoileadh do’n uile chréatúir.


Agus dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air;


Agus d’fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobhsgaoileadh dhuit.


Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé.


mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid.


Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.


Agus do thárla, ’n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag gabhail tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag i n-aonfheacht leis.


Agus táimíd ’á chur i n-iúil daoibhse cad í an gheallamhaint a tugadh d’ár n-aithreachaibh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí