Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 óir is inniu a saolaíodh an Slánaitheoir daoibh i gcathair Dháibhí, agus is é an Tiarna Críost é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Óir tá Slánuightheoir, is é sin le rádh, Críost, an Tighearna, beirthe díbh indiu i gcathair Dháibhidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 rugadh Slánaitheoir daoibh inniu–is é Críost an Tiarna é–i gcathair Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:11
38 Tagairtí Cros  

Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.


Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.


Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí.


Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.


Agus cad a thug so dhóm-sa, máthair mo Thighearna do theacht ag triall orm?


Agus do chuir sé suas adharc chun slánuighthe dhúinn i dteaghlach Dáibhid a seirbhíseach.


Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna.


Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é.


Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost).


Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret.


Dubhairt sí leis: Creidim, a Thighearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé bheó, agus gur tháinís ar an saoghal so.


Ach do sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur bh’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ghá chreideamhaint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.


Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn.


Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall an do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b’é seo go fíor Slánuightheóir an domhain.


Agus d’fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe.


Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht?


Do chuir Dia an briathar chun clainne Israéil, ag fógairt síothchána tré Íosa Críost, (siné is Tighearna ar gach uile nídh):


A’ síol an fhir sin, do réir na geallamhna, tá Slánuightheóir tabhartha ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa.


’Ghá osgailt dóibh agus ’gha chur ’n-a luighe ortha conus nár bhfoláir do’n Chríost fulag agus eirighe ós na mairbh; agus gur bh’é seo an t-Íosa Criost, atá agamsa d’á fhógairt daoibhse.


Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n-Israél, Íosa so a dheineabhairse a tárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost.


Do thóg Dia suas le n-a laimh dheis é ’n-a Phriúnsa agus ’n-a Shlánuightheoir chun go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí d’Israél.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí