Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air sar ar gabhadh é sa broinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus i gcionn ocht lá ina dhiaidh sin, nuair a timpeallghearradh é, tugadh Íosa air, an t‑ainm a bhí tugtha air ag an aingeal sul ar gabhadh i mbroinn é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus nuair a críochnuigheadh na h-ocht laethe chun an leanbh a thimcheallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, an t-ainm a thug an t-aingeal air sul ar gabhadh é san bhroinn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus nuair do bhí na h‐ocht laethe caithte chum an leanbh do thimcheall‐ghearradh, tugadh ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm thug an t‐aingeal air sarar geineadh é i mbroinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus an tan do coimhlíonadh ochd lá chum an leinibh do thimcheallgherradh, tugadh IOSA mar ainm air, éadhon an tainm do ghoir an taingeal de suil do gheineadh a mbroinn é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeall-ghearradh, tugadh ‘Íosa’ mar ainm air, mar a thug an t-aingeal air sular gábhadh sa bhroinn é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:21
9 Tagairtí Cros  

Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.


Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.


Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.


Féach, geobhair gein ad’ bhroinn, agus béarfair mac, agus tabharfair Íosa mar ainim air.


Agus nuair a tháinig an t-ochtmhadh lá, do tánathas chun tímpal-ghearradh do dhéanamh ar an leanbh, agus bhítheas chun Sacarias a thabhairt mar ainim air, ainim a athar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí