Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus tháinig sé tríd an Spiorad isteach sa teampall: agus nuair thug an t‐athair agus an mháthair an leanbh Íosa isteach, chum go ndéanfaidís ’n‐a thaobh de réir gnáth‐nóis na dlighe,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus tháinig sé isteach sa teampall faoi análú an Spioraid Naoimh; agus nuair a thug na tuismitheoirí an leanbh Íosa isteach, le déanamh dó de réir ghnás an dlí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus tháinic sé san Spiorad isteach san teampall. Agus nuair a thug a athair agus a mháthair an leanbh Íosa isteach le déanamh dó do réir nós an dlighe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don teampoll: agus an tan thug a athair agus a mháthair an leanabh Iósa, do chum go ndéanaídis ar a shon do réir gnáthuighthe an dlighe,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus tháinig sé, sa spioraid, isteach sa teampul. Agus nuair a thug a mhuintir an leanbh Íosa isteach ann, ag cómhlíonadh nóis na dlíghe dhó;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí a bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:27
15 Tagairtí Cros  

Annsin do threoruigh an Spiorad Íosa isteach sa bhfásach chum go gcuirfeadh an diabhal cathú air.


Agus nuair do bhí laethe a glanta caithte, de réir reachta Mhaoise, thugadar leo go h‐Iarúsalem é, chum a thoirbheart do’n Tighearna;


do thóg seisean chuige ’n‐a ucht é, agus do mhol sé Dia, agus adubhairt,


Agus do théigheadh a athair agus a mháthair suas go h‐Iarúsalem gach bliadhain le linn féile na Cásca.


Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn.


Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.


Agus d’fhill Íosa, lán de’n Spiorad Naomh, ar ais ó Iórnán, agus do threornuigh an Spiorad sa bhfásach é,


Agus ag machtnamh do Pheadar ar an aisling, adubhairt an Spiorad leis, Féach, atá triúr fear ’gad’ lorg.


Agus adubhairt an Spiorad liom dul i n‐éinfheacht leo gan aon cheist bheith orm. Agus tháinig an seisear bráthar so ’n‐ár gcuideachtain; agus do chuadhamar isteach i dtigh an fhir:


acht nuair thángadar i n‐aice le Misia, do chuireadar rómpa dul i mBitinia; acht níor leig Spiorad Íosa dhóibh dul ann;


Agus adubhairt an Spiorad le Pilib, Druid i n‐aice leis, agus téigh san gcarbad sin.


acht nuair tháinig an t‐am, do chuir Dia uaidh a Mhac, tugadh ó mhnaoi, rugadh fá’n dlighe,


Do bhíos fá anáil an Spioraid lá an Tighearna, agus do chualas an glór taobh thiar díom, mar bhéadh glór stuic,


Agus rug sé leis mé san Spiorad isteach i bhfásach, agus do chonnacas bean ’n‐a suidhe ar ainmhidhe do bhí ar dhath corcra, é lán d’ainmneachaibh dia‐mhaslaidh, agus seacht gcinn agus deich n‐adharca aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí