Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus nuair do bhí gach nidh chóimhlíonta aca de réir dlighe an Tighearna, d’fhilleadar go dtí an Ghalilé, go dtí a mbaile féin Nasair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 Agus nuair a bhí gach ní comhlíonta acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad go Galailí, go dtí a gcathair féin, Nasair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Agus nuair a bhí gach nídh cóimhlíonta acu do réir dlighe an Tighearna, phill siad go dtí an Ghailile, go Nasair, a gcathair féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus mar do chríochnuigheadar gach uile ni do réir reachda an Thighearna, do fhilleadar don Ghalilé, da gcathruigh féin Násarét.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 Nuair a bhí gach ní curtha i gcríoch acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

39 Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:39
11 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin.


Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t‐aingeal Gaibrial ó Dhia go cathair sa nGalilé darbh ainm Nasair,


Agus do bhíodar, beirt, fíréanta i bhfiadhnaise Dé, ag siubhal gan locht de réir gach aithne agus reachta an Tighearna.


Agus do chuaidh Seosamh, leis, ó’n nGalilé, ó chathair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go chathair Dháibhi, ar a dtugtar Beithil, de bhrigh gur de theaghlach agus de shliocht Dháibhi é;


Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.


Agus tháinig sé go Nasair, mar ar h‐oileadh é, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabóide, isteach sa tsionagóig, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh chum léightheoireacht do dhéanamh.


Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí