Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:49 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

49 Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a rabhabhar ar mo lorg‐sa? nach raibh a fhios agaibh go gcaithfinn gnótha m’Athar do dhéanamh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

49 Ach is é a dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do mo chuardach? An é nár thuig sibh go mba dhual athar dom bheith sa teach athartha?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

49 Agus dubhairt seisean leo: Cad chuige a raibh sibh mo chuartughadh? Nach raibh a fios agaibh go bhfuil agam-sa le bheith ag gabháil do na neithe a bhaineas le m’Athair?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

49 Agus a dubhairt seision ríu, Créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa? An né nach raibh a fhios agaibh gur bhéigin damhsa bheith ag déanamh ghnódhaighthe Mathar?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

49 Agus dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh ’fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhaineann le m’Athair?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

49 Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach mʼAthar nárbh fholáir dom a bheith?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

49 Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:49
11 Tagairtí Cros  

Agus do chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé, agus do ruaig sé amach iad‐san do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus do leag sé ar lár búird lucht malairte an airgid, agus suideacháin na ndaoine do bhí ag díol colm;


Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn.


Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.


Acht d’fhreagair sé dhóibh, Atá m’Athair ag obair go dtí an uair seo, agus atáim‐se ag obair.


Acht atá fiadhnaise agam‐sa is mó ’ná fiadhnaise Eoin: óir na gnótha thug m’Athair dhom le cur chum chríche, na gnótha féin do‐ghnímh, do‐bheir siad fhiadhnaise im’ thaobh, gur ab é an t‐Athair do chuir uaidh mé.


Óir ní chum mo thoil féin do dhéanamh tháinig mé anuas ó neamh, acht chum toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh.


Agus an té do chuir uaidh mé atá sé im’ fhochair; níor fhág sé im’ aonar mé; óir do‐ghním i gcómhnaidhe na neithe thaithnigheas leis.


Caithfimíd oibreacha an té do chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann: atá an oidhche ag teacht nuair nach bhféadann aon duine obair do dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí