Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Agus tharla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall ’n‐a shuidhe i measc na n‐ollamh, ag éisteacht leo agus ag cur ceisteann ortha:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

46 Agus nuair a bhí trí lá caite acu, tháinig siad air sa teampall, agus é ina shuí i measc na n‑oidí léinn, agus é ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna orthu;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

46 Agus thárla, i gcionn na dtrí lá, go bhfuair siad san teampall é ina shuidhe imeasc na ndoctúirí ag éisteacht leo agus ghá gceistiughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Agus tárla, trí lá dá éis sin, go bhfúaradar é ann sa teampoll, na shuidhe a measg na ndoctúireadh, ag éisdeachd ríú, agus ag cur cheasd ortha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Agus do thárla, tar éis trí lá go bhfuaradar é sa teampul ’n-a shuidhe ameasg na n-ollamh, ag éisteacht leó agus ’ghá gceisdiú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

46 I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

46 I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:46
13 Tagairtí Cros  

Óir, fá mar do bhí Iónás trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíl mhóir; mar sin bhéas Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.


Ó’n am sin amach do thosnuigh Íosa ar a mhíniú d’á dheisceablaibh gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’fhulang ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe é chum báis, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá.


agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé.


Agus tharla, go raibh sé lá ag teagasc; agus go raibh ’n‐a suidhe ann Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe a tháinig ó gach baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do bhí cumhacht an Tighearna aige chum slánuighthe.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, An tusa múinteoir Israel, agus nach eol duit na neithe sin?


agus do bhí fonn ortha iad do mharbhadh. Acht d’éirigh duine ’n‐a sheasamh san árd‐chómhairle, Fairisíneach dárbh ainm Gamaliel, ollamh dlighidh, go raibh cion ag an bpobal air, agus d’órduigh sé na fir do chur thar doras amach tamall.


d’iarraidh bheith mar mhúinteoirí na dlighe, gidh nach dtuigeann siad créad bhíos d’á rádh nó d’á dhearbhú aca.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí