Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Anois bhí sé ina ghnás ag a thuismitheoirí dul suas go hIarúsailéim gach uile bhliain in am fhéile na Cásca.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus théigheadh a athair agus a mháthair go h-Ierusalem gach bliadhain lá sollamhanta na Cásca.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus do théigheadh a athair agus a mháthair suas go h‐Iarúsalem gach bliadhain le linn féile na Cásca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus do ghnáthuigheagh a athair agus a mháthair dul gach a blíadhna go Híarusaléim a sollamuin na cásg.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus do théigheadh a mhuintir go Ierúsalem gach bliain uim fhéile na Cásga.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcomhair fhéile na Cásca.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:41
18 Tagairtí Cros  

Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.


Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo.


Tagadh do chlann mhac uile i láthair an Tiarna Dia, Dia Iosrael, trí huaire sa bhliain.


An ceathrú lá déag den chéad mhí, idir dhá nóin, sin é Cáisc an Tiarna.


An ceathrú lá déag den chéad mhí Cáisc an Tiarna,


Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile;


Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.


Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.


Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.


Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.


Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.


Ní foláir duit iad a ithe os comhair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach a chónaíonn i do bhailte; beidh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia de bharr gach ar thoirbhir do lámha.


“Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,


An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna.


Théadh an fear seo suas gach bliain as a chathair féin chun adhradh agus chun íobairt a ofráil do Thiarna na Slua i Sileo. Bhí beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás, mar shagairt leis an Tiarna ansiúd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí