Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 4:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Eistighsi, a chlann, ré teagasg athair, agus tugaidh aire déolus tuicsion.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 4:1
15 Tagairtí Cros  

Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí; éistigí le hIosrael bhur n‑athair.


Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga: ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.


Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc; le go dtuigfí briathra ciallmhara;


Éist, a mhic, le teagasc d'athar agus ná séan oiliúint do mháthar.


Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.


Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.


Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.


A mhic, tabhair aird ar m'eagna, agus tabhair cluas go géar do mo chuid cainte.


Abair leis an eagna: “Is tú mo shiúr,” agus tabhair do “chara dil” ar an tuiscint,


D'umhlaíomar do ghuth Iónádáb mhic Raecáb, ár sinsear san uile ní dár ordaigh sé dúinn; gan fíon a ól feadh ár mbeatha, sinn féin, ár mná, ár mic, ná ár n‑iníonacha,


Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n‑imeoimis le sruth.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí