Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 15:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Tarcuisnigh amadán teagasg ón athair: acht is eagnuidhe an té bheir aire do smacht.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 15:5
19 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!


Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.


Tugaigí aird ar mo rabhadh; déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh, agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair.


Tús na heagna eagla Dé; is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.


Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.


Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.


Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht, ach onóir don té a ghlacann le ceartú.


Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí.


Tá mórán maoine i dteach an fhíréin, ach leanann buairt cnuasach an choirpigh.


Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.


Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.


Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht,


Agus is fíor an fhianaise í sin. Déansa iad a cheartú go géar, dá bhrí sin, i dtreo go mbeidh an creideamh folláin acu


Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí