Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 23:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Éist leis an athair a ghin thú, agus ná bíodh drochmheas agat ar do mháthair ina seanaois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Eíst red athair noch do ghin thú, agus ná tarcuisnigh do mhathair a nuáir bhías sí áosta.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 23:22
13 Tagairtí Cros  

Éist, a mhic, le teagasc d'athar agus ná séan oiliúint do mháthar.


Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.


Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n‑athair, agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.


An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.


A mhic, coinnigh aithne d'athar, agus ná tréig teagasc do mháthar.


Bíodh urraim ag gach duine díbh dá athair agus dá mháthair. Coimeádaigí mo shabóidí; mise an Tiarna bhur nDia.


Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.


Óir dúirt Maois: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.’


‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí