Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:50 - An Bíobla Naofa 1981

50 agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

50 Agus bíonn trócaire aige ar an dream a mbíonn eagla orthu roimhe ó ghlún go glún.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

50 Agus bíonn a thrócaire ó shliocht go sliocht do’n mhuinntir ar a mbíonn a eagla.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 Agus bíonn a thrócaire ó aois go h‐aois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

50 Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 Agus tá a thrócaire ó shliocht go sliocht ar an muintir ar a bhfuil a eagla.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

50 agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:50
15 Tagairtí Cros  

Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.


ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”


Óir ní airde neamh os cionn talaimh ná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.


Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht.


Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna: “Maireann a bhuanghrá go brách.”


Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.


Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe; don dream ar muinín leo a thrócaire.


go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne.


Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána - síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.


ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.


Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,


Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí