Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL I. Coimbeart Eóin Baiste, agus coimbeart Chríost. Cuairt na Maighdine Muire, agus a cantic. Teacht Eóin Baiste ar an saoghal, agus cantic Sacariais.

1 Ó thárla go bhfuil iarracht déanta agá lán daoine ar chúntas a thabhairt, i ndiaidh chéile, ar na neithibh seo atá tagaithe chun cinn i n-ár measg,

2 Fé mar a tugadh dúinn iad, ó sna daoine a chonaic iad le n-a súilibh agus do dhein friothálamh ar an gcaint,

3 Cheapas féin go bhféachfainn isteach go cruinn ionta go léir ó thusach agus go ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaidh chéile dhuit-se a Théophiluis uasail,

4 I dtreó go mbeadh agat fios fírinne na bhfocal a múineadh duit.

5 Do bhí, i n-aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe dar bh’ainim Sacarias, d’uanuigheacht Abia, agus de shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di.

6 Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim.

7 Agus ní raibh clann acu, mar bhí Elisabet aimrid agus bhíodar araon ana-aosta.

8 Do thárla, ámhthach, agus a dhualgas sagairt aige ’á dhéanamh, do réir a uanuigheachta, os cómhair Dé,

9 Gur bh’air a thuit an crann, do réir nóis na sagart, agus go ndeaghaidh sé isteach i dteampul an Tighearna chun na túise do dhóghadh.

10 Agus bhí an pobul mór go léir amuigh ag guidhe le linn uaire na túise.

11 Agus do taisbeánadh do aingeal an Tighearna ’n-a sheasamh ar dheis altórach na túise.

12 Agus tháinig buaireamh agus eagla ar Shacarias nuair a chonaic sé é.

13 Agus dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air;

14 Agus beidh áthas agus gáirdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán de bhárr é theacht ar an saoghal.

15 Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin.

16 Agus iompóchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar a dTighearna Dia.

17 Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna.

18 Agus dubhairt Sacarias leis an aingeal: Conus a bheidh a fhios san agam? Óir táim-se am’ sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta.

19 Agus d’fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobhsgaoileadh dhuit.

20 Agus féach, beidh tú gan caint, agus ní fhéadfair labhairt go dtí an lá ’n-a gcómhlíonfar na neithe seo, toisg nár chreidis mo chaint-se do thiocfaidh chun cinn ’n-a h-aimsir féin.

21 Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacarias, agus bhí iongna ortha é bheith ag déanamh righnis sa teampul.

22 Agus nuair a tháinig sé amach ní féadfadh sé labhairt leó, agus bhí ’fhios acu go bhfeacaidh sé radharc sa teampul. Agus bhí se ag déanamh cómharthaí dhóibh, agus do lean an bhailbhe air.

23 Agus do thárla, tar éis aimsire a dhualgais sagairt do chur dé, gur imthigh sé chun a thighe féin.

24 Agus tar éis na laethanta san do ghaibh a bhean, Elisabet, gein, agus d’fholaigh sí í féin ar feadh chúig mhí, agus dubhairt sí:

25 Seo mar a dhein an Tighearna liom é ins na laethibh ’n-ar fhéach sé orm agus ’n-ar thóg sé dhíom an aithis a bhí orm ameasg na ndaoine.

26 Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t-aingeal Gabriél ó Dhia go cathair i nGaililí dar bh’ainim Nasaret,

27 ag triall ar mhaighdin a bhí luaidhte le fear dar bh’ainim Ióseph, agus Muire ab ainim do’n mhaighdin.

28 Agus tháinig an t-aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh.

29 Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhachtnuigh sí cad é an saghas an beannú san.

30 Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé.

31 Féach, geobhair gein ad’ bhroinn, agus béarfair mac, agus tabharfair Íosa mar ainim air.

32 Beidh an mac san mór, agus tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tighearna Dia dhó an chathaoir rí a bhí agá athair, ag Dáibhid; agus beidh sé ’n-a rí i dteaghlach Iácóib go deó.

33 Agus ní beidh deire le n-a rígheacht.

34 Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Conus a bheidh san amhlaidh agus gan aithne fir agam-sa?

35 Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird thú, agus d’á bhrígh sin tabharfar ar an ngein naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé.

36 Agus féach, siní Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi.

37 Óir ní bheidh rádh ar bith nách féidir do Dhia.

38 Ansan dubhairt Muire; Féach, mise cailín an Tighearna, deintear liom do réir t’fhocail. Agus d’imthigh an t-aingeal uaithi.

39 Agus d’eirigh Muire ins na laethibh sin, agus d’imthigh gan ríghneas fé dhéin na gcnoc, go cathair Iúdach.

40 Agus tháinig sí isteach i dtigh Shacariais, agus bheannuigh sí d’Elisabet.

41 Agus do thárla, nuair a d’airigh Elisabet beannachadh Muire gur léim an leanbh a bhí ’n-a broinn. Agus do líonadh Elisabet de’n Spioraid Naomh.

42 Agus do labhair sí do ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne.

43 Agus cad a thug so dhóm-sa, máthair mo Thighearna do theacht ag triall orm?

44 Mar, féach, chómh luath agus chuaidh guth do bheannachta am’ chluasaibh do léim an leanbh le h-áthas am’ broinn.

45 Agus is aoibhinn duit-se gur chreidis, óir cómhlíonfar duit na neithe a gealladh duit ó’n dTighearna.

46 Agus dubhairt Muire: Mór-mholadh ó m’anam-sa do’n Tighearna,

47 Agus do ghlac mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheóir;

48 Óir d’fhéach sé ar ísleacht a chailín; Mar féach, as so amach, déarfaid na sleachta go léir gurab aoibhinn dom.

49 Óir do dhein an t-é atá cómhachtach neithe móra dhom, agus is naomhtha a ainim.

50 Agus tá a thrócaire ó shliocht go sliocht ar an muintir ar a bhfuil a eagla.

51 D’oibrigh sé cómhacht le n-a láimh; do sgaip sé lucht an uabhair ’n-a gcroidhe agus ’n-a n-aigne.

52 Do leag sé lucht cómhacht ó n-a gcathaoireachaibh ríoga, agus d’árduigh sé lucht na h-úmhluigheachta.

53 Do líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris.

54 Do ghlac sé Israél, a sheirbhíseach, ag cuímhneamh dó ar a thrócaire;

55 Fé mar a labhair sé le n-ár n-aithreachaibh le h-Ábraham agus le n-a shliocht go deó.

56 Agus d’fhan Muire ’n-a fochair-sin tímpal trí mhí, agus ansan tháinig sí chun a tighe féin.

57 Agus tháinig aimsir Elisabet chun a clainne chur di, agus do rug sí mac.

58 Agus d’airigh a cómharsain agus a gaolta go raibh an Tighearna tar éis a mhór-thrócaire dhéanamh uirthi, agus dheineadar gáirdeachas léi.

59 Agus nuair a tháinig an t-ochtmhadh lá, do tánathas chun tímpal-ghearradh do dhéanamh ar an leanbh, agus bhítheas chun Sacarias a thabhairt mar ainim air, ainim a athar.

60 Agus d’fhreagair a mháthair agus dubhairt sí: Ní h-eadh, ach Eóin a tabharfar air.

61 Agus dubhradar léi; Ar ndó, ni’l aoinne ar do ghaoltaibh-se go bhfuil an ainim sin air.

62 Agus do bhagradar ar a athair cad é an ainim ba mhaith leis a tabharfaí ar an leanbh.

63 Agus d’iarr sé gléas chun sgríobhtha agus do sgríbh sé: Eóin is ainim dó. Agus bhí iongna ortha go léir.

64 Agus do h-osgladh láithreach a bhéal agus a theanga dhó-san, agus do labhair sé agus do mhol sé Dia.

65 Agus tháinig eagla air na cómharsain go léir, agus do h-innseadh na neithe sin uile ar fuid sléibhte Iúdaéa ar fad.

66 Agus gach aoinne a d’airigh iad choimeád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cad a bheidh againn ar ball ’n-a leithéid seo de leanbh, dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis.

67 Agus do líonadh Sacarias, a athair, leis an Spioraid Naomh, agus do thargair sé mar seo:

68 Moladh leis an dTighearna, Dia Israéil, óir d’fhéach sé chun a dhaoine agus dhein sé a slánú;

69 Agus do chuir sé suas adharc chun slánuighthe dhúinn i dteaghlach Dáibhid a seirbhíseach.

70 Fé mar a labhair sé tré bhéal na bhfáidh naomhtha atá ann aige ó thusach.

71 Saoradh dhúinn ó n-ár namhaid, agus ó láimh gach n-aon a thug fuath dhúinn,

72 Ag déanamh trócaire an ar n-aithreachaibh, agus ag coimeád cuimhne as a thiomna bheannuighthe féin.

73 An dearbhú a dhearbhuigh sé d’ár n-athair Ábraham a thabharfadh sé dhúinn,

74 Go ndéanfaimís, gan eagla, seirbhís dó, agus sinn saor ó lamhaibh ár namhad,

75 I naomhthacht agus i bhfíoraontacht ’n-a láthair, gach lá dh’ár saoghal.

76 Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó,

77 Ag tabhairt eóluis slánuighthe d’á phobul, ionus go maithfí a bpeacaí dhóibh;

78 Tré inníbh trócaire ár nDia, n-ar tháinig ’ghár bhféachaint an lóchaint a’ doimhneas na bhflathas.

79 Chun soluis a thabhairt do’n mhuintir atá ’n-a suidhe i ndorchadas agus fé sgáil an bháis; chun ár gcosa do sheóladh i slígh na síothchána.

80 Agus d’fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid agus bhí sé ins na h-áiteanaibh uaigneacha go dtáinig an lá ’n-a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí