Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus tháinig an t-aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Agus tháinig sé chuici agus dúirt sé léi, “Sé do bheatha, a bhean úd a bhfuil gnaoi ort, mar tá an Tiarna leat.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus tháinic an t-aingeal isteach chuice, agus dubhairt léi: Dia do bheatha-sa, atá lan de ghrásta; tá an Tighearna leat; is beannuighthe thú eadar na mná.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus tháinig sé chúichi isteach, agus adubhairt sé léi, Go mbeannuighthear duit‐se atá lán de ghrása, atá an Tighearna id’ fhochair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus ar ndul a sdeach dá hionnsuighe do naingeal, a dubhairt se, Dia do bheatha a ógh roghrásamhuil: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighe thú eidir na mnáibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Is é do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mhná.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

28 Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:28
17 Tagairtí Cros  

Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Cia h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre?


ag triall ar mhaighdin a bhí luaidhte le fear dar bh’ainim Ióseph, agus Muire ab ainim do’n mhaighdin.


Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhachtnuigh sí cad é an saghas an beannú san.


Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé.


Agus do labhair sí do ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne.


óir táimse leat, agus ní leómhfaidh aoinne dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine sa chathair seo agamsa


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí