Lúcás 1 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil I Gabháil Eoin Baiste agus gabháil Chríost: cuairt agus caintic na Maighdine Beannuighthe Muire: teacht ar an tsaoghal do Eoin Baiste, agus caintic Shacaire. 1 De bhrígh gur ghlac mórán as láimh cunntas a thabhairt as éadan a chéile ar na neithe a cóimhlíonadh i n-ár measc, 2 Do réir mar fuaireamar iad uatha sin a bhí ó thús iad féin ina bhfiadhnaisigh agus ina bhfriothálaidhthe ar an bhriathar. 3 Chonnacthas dámh-sa fosta, a Theoifil oirdheirc, i ndiaidh fios d’fhagháil go díbhirceach ar gach nídh ó thús báire, go scríobhfainn duit iad as éadan a chéile. 4 Ionnas go mbéadh a fios agat fírinne na mbriathar sin a múineadh duit. 5 Le linn loruaidh, rí Iudaia, bhí sagart áirithe ann darbh ainm Sacaire, de sheal Abia, agus ba de shliocht Aaroin a bhean, agus Elisabet ab ainm dí. 6 Agus bhí siad araon cóir i láthair Dé, ag siubhal gan cháim do réir aitheanta agus deasghnátha an Tighearna go h-iomlán. 7 Agus ní raibh aon duine cloinne acu, óir bhí Elisabet aimrid, agus bhí an bheirt siar go maith i mbliadhanta. 8 Agus thárla, nuair a bhí a dhualgas sagairt dá dhéanamh aige ar a sheal ós cómhair Dé, 9 Gur thuit sé ar a chrann, do réir nós na sagartachta, túis d’ofráil, ar dhul isteach i dteampall an Tighearna dó; 10 Agus bhí an shluagh daoine uilig ag guidhe taobh amuigh ag uair na túise. 11 Agus taidhbhsigheadh dó aingeal an Tighearna ina sheasamh ar an taoibh dheis de altóir na túise. 12 Agus nuair a chonnaic Sacaire é chuaidh sé fríd a chéile, agus tháinic eagla air. 13 Acht dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagla ort, a Shacaire, óir h-éisteadh do urnaighe; agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus bhéarfaidh tú Eoin mar ainm air. 14 Agus béidh lúthgháir agus áthas ort, agus béidh lúthgháir ar mhórán fá n-a theacht ar an tsaoghal. 15 Agus béidh sé mór i láthair an Tighearna, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisceamhail, agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh fiú ó bhroinn a mháthar. 16 Agus tionntóchaidh sé mórán de chloinn Israéil chuig a dTighearna Dia. 17 Agus rachaidh seisean roimhe i spiorad agus i gcumhacht Elíais, chun croidhthe na n-aithreach a thionntódh ar a gcloinn, agus na díchreidmhigh ar eagna na bhfíréan, le pobal cóir d’ullmhughadh do’n Tighearna. 18 Agus dubhairt Sacaire leis an aingeal: Cad é mar bhéas a fhios seo agam? Óir is seanduine mise, agus tá mo bhean an-aosta. 19 Agus dubhairt an t-aingeal leis, ghá fhreagairt: Is mise Gabriél, a sheasas ós cómhair Dé, agus cuireadh mé a labhairt leat agus d’innse na scéala maithe seo duit. 20 Agus féach, béidh tú gan chainnt agus ní bhéidh tú ábalta labhairt go dtí an lá ina dtárlóchaidh na neithe seo, de bhrígh nár chreid tú mo bhriathra-sa, a chóimhlíonfar ina n-am féin. 21 Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacaire, agus bhí iongantas ortha é bheith ag déanamh moille san teampall. 22 Agus ar theacht amach dó, ní raibh sé ábalta labhairt leo, agus bhí a fhios acu go bhfaca sé radharc san teampall. Agus bhí sé ag déanamh cómharthaí dóibh, agus mhair sé balbh. 23 Agus thárla, nuair a bhí laethe a dhualgais cóimhlíonta, gur imthigh sé chun a thighe féin. 24 Agus i ndiaidh na laethe sin ghabh a bhean, Elisabet, ina bhroinn, agus d’fholuigh sí í féin ar feadh chúig míos, ag rádh: 25 Is mar seo a rinne an Tighearna liom ins na laethe i n-ar dhearc sé orm chun mo achmhusán ós cómhair na ndaoine a thógáil díom. 26 Agus san tseiseadh mí, cuireadh an t-Aingeal Gabriél ó Dhia go cathair de’n Ghailile, darbh ainm Nasair, 27 Chuig óigh a bhí luaidhte le fear, arbh ainm dó Ióseph, de theaghlach Dháibhidh; agus ba Muire ainm na h-óighe. 28 Agus tháinic an t-aingeal isteach chuice, agus dubhairt léi: Dia do bheatha-sa, atá lan de ghrásta; tá an Tighearna leat; is beannuighthe thú eadar na mná. 29 Agus nuair a chuala sí sin, chuir a chainnt trioblóid uirthí, agus bhí sí ag meabhrughadh cad é ba chiall leis an bheannughadh siúd. 30 Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú grásta i láthair Dé. 31 Féach, gabhfaidh tú i do bhroinn, agus bhéarfaidh tú mac ar an tsaoghal, agus bhéarfaidh tú Íosa mar ainm air. 32 Béidh sé sin mór, agus goirfear Mac an té is Áirde de, agus bhéarfaidh an Tighearna Dia dó cathaoir Dháibhidh, a athair, agus béidh sé ina rígh i dteaghlach Iacóib a choidhche, 33 Agus ní bhéidh deireadh le n-a ríoghacht. 34 Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Cad é mar bhéas sin amhlaidh, óir ní fhuil aithne fir agam-sa? 35 Agus dubhairt an t-aingeal léi, ghá freagairt: Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an té is Áirde thú. Dá bhrígh sin fosta, an Neach Naomhtha a bhéarfas tú ar an tsaoghal, goirfear Mac Dé de. 36 Agus féach, do bhean ghaoil, Elisabet, ghabh sise fosta mac agus í aosta, agus seo an seiseadh mí díthe-se a dtugtar aimrid uirthí; 37 Óir ní bhéidh nídh ar bith do-dhéanta ag Dia. 38 Agus dubhairt Muire: Féach, baintsearbhónta an Tighearna; go ndéantar liom do réir do bhriathair. Agus d’imthigh an t-aingeal uaithe. 39 Agus d’éirigh Muire ins na laethe sin, agus chuaidh sí fá dheifre chun na sléibhte go cathair de chuid Iúda. 40 Agus chuaidh sí isteach go tigh Shacaire, agus bheannuigh sí do Elisabet. 41 Agus thárla, nuair a chuala Elisabet beannughadh Mhuire, gur bhíodhg an naoidheanán ina broinn, agus líonadh Elisabet leis an Spiorad Naomh, 42 Agus labhair sí de ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thú eadar mná, agus is beannuighthe toradh do bhronn. 43 Agus cad é mar d’éirigh seo damh-sa, go dtigeadh máthair mo Thigearna chugam? 44 Óir féach, nuair a tháinic fuaim do bheannuighthe i mo chluasa, bhíodhg an naoidheanán le lúthgháir i mo bhroinn. 45 Agus is bheannuighthe thusa a chreid, óir cóimhlíonfar na neithe a dubhairt an Tighearna leat. 46 Agus dubhairt Muire: Mórann m’anam-sa an Tighearna, 47 Agus bhain mo spiorad aoibhneas as Dia mo Shlánuightheoir, 48 Óir dhearc sé ar ísleacht a bhaintsearbhónta. Óir féach, as seo suas goirfidh an uile ghlúin beannuighthe díom, 49 De bhrígh go ndearna an té atá cumhachtach neithe móra damh, agus is naomhtha a ainm, 50 Agus bíonn a thrócaire ó shliocht go sliocht do’n mhuinntir ar a mbíonn a eagla. 51 D’oibir sé cumhacht le n-a láimh; scaip sé lucht an díomais i sotal a gcroidhe. 52 Leag sé lucht na cumhachta as a gcathaoireacha, agus d’árduigh sé an dream íseal. 53 Líon sé le neithe maithe an méid a raibh ocras ortha, agus chuir sé na saidhbhre ar shiubhal folamh. 54 Ghlac sé chuige Israél, a shearbhónta, ag cuimhniughadh dó ar a thrócaire, 55 Do réir mar labhair sé le n-ár n-aithreacha, le h-Abraham agus le n-a shíol go deo. 56 Agus d’fhan Muire aice tuairim ar thrí mhí, agus phill sí chun a tighe féin. 57 Agus tháinic am Elisabet chun a gein a thabhairt uaithe, agus rug sí mac. 58 Agus chuala a cómharsain agus a gaolta go ndearna an Tighearna a mhór-thrócaire uirthí, agus rinne siad cómhgháirdeachas léi. 59 Agus thárla ar an ochtmhadh lá go dtáinic siad leis an naoidheanán a thimcheallghearradh, agus bhí siad ag dul a ainmniughadh ar ainm á athair, Sacaire. 60 Agus d’fhreagair a mháthair agus dubhairt: Ní h-eadh ar chor ar bith, acht Eoin a bhéarfar air. 61 Agus dubhairt siad léi: Ní fhuil aoinneach de do chineadh a ngoirtear an t-ainm sin de. 62 Agus rinne siad cómhartha dá athair, cad é ba mhian leis go dtabharfaidhe air mar ainm. 63 Agus ag iarraidh clár scríobhtha dó, scríobh sé, ag rádh: Is é Eoin a ainm. Agus bhí iongantas ortha uilig. 64 Agus ar an bhall foscladh a bhéal agus a theanga, agus labhair sé ag moladh Dé. 65 Agus tháinic eagla ar a gcómharsain go h-uile, agus h-innseadh na neithe seo uilig ar fud sléibhte Iudaia ar fad. 66 Agus gach uile duine dár chuala é, chongbhuigh sé ina chroidhe é, ag rádh: Cad é an seort, dar leat, a bhéas san ghasúr sin? Óir bhí lámh an Tighearna leis. 67 Agus líonadh a athair, Sacaire, leis an Spiorad Naomh, agus rinne sé fáidheadóireacht, ag rádh: 68 Go moltar an Tighearna, Dia Israéil, óir thug sé cuairt agus fuascailt ar a phobal, 69 Agus thóg sé adharc shlánuighthe dúinn i dtigh Dháibhidh, a shearbhónta, 70 Do réir mar labhair sé tré bhéal a fháidh naomhtha a bhí ann ó thús an tsaoghail: 71 Go saorfadh sé sinn ó n-ár náimhde, agus ó láimh gach aoin dá dtug fuath dúinn, 72 Go ndéanfadh sé trócaire ar ár n-aithreacha, agus a chonnradh naomhtha a chuimhniughadh; 73 An mionna, le n-ar mhionnuigh sé do Abraham, ár n-athair, go dtabharfadh sé dúinn, 74 Ar bheith dúinn gan eagla, agus saor ó láimh ár námhad, seirbhís a dhéanamh dó 75 I naomhthacht agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saoghal. 76 Agus tusa, a leinbh, goirfear fáidh an té is áirde díot; óir rachaidh tú roimh aghaidh an Tighearna le n-a shlighthe d’ullmhughadh, 77 Le h-eolas slánuighthe a thabhairt dá phobal chun maitheamhnas a bpeacaidhe, 78 Tré mhór-thrócaire ár nDé, le n-a dtug lonnradh na maidne ó neamh cuairt orainn, 79 A thabhairt soluis dóbhtha sin atá ina suidhe i ndorchadas agus i scáile an bháis, agus ár gcosa a dhíriughadh ar shlighe na síothchána. 80 Agus d’fhás an leanbh agus neartuigheadh i spiorad é, agus bhíodh sé ins na fásaigh go dtí an lá i n-ar fhoillsigh sé é féin do Israél. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland