Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:29 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhachtnuigh sí cad é an saghas an beannú san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Ach is é rud, chuir an rá sin faoi imní mhór í, agus í ag smaoineamh ina hintinn cad é ba chiall do bheannacht den sórt sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus nuair a chuala sí sin, chuir a chainnt trioblóid uirthí, agus bhí sí ag meabhrughadh cad é ba chiall leis an bheannughadh siúd.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Acht do bhí buaidhreadh mór uirthi de bharr na cainnte, agus do bhí sí ag machtnamh ’n‐a h‐intinn ar cad ba chiall do’n bheannú sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sórt beannú é seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

29 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:29
12 Tagairtí Cros  

Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn.


Agus tháinig buaireamh agus eagla ar Shacarias nuair a chonaic sé é.


Agus tháinig an t-aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh.


Agus gach aoinne a d’airigh iad choimeád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cad a bheidh againn ar ball ’n-a leithéid seo de leanbh, dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis.


Agus do choimeád Muire na labhartha san go léir, ghá mbreithniú ’n-a croidhe.


Agus d’fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh. Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir ’n-a croidhe féin.


Agus an fhaid a bhí Peadar ’ghá bhreithniú i n’ aigne cad é an saghas an radharc san a chonnaic sé, féach, bhí na fir a chuir Cornélius uaidh ’n-a seasamh ag an ndorus, ’ghá fhiafraighe cá raibh thigh Shímóin.


Agus dubhairt seisean, agus é ag féachainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úrnuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí