Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Ach is é rud, chuir an rá sin faoi imní mhór í, agus í ag smaoineamh ina hintinn cad é ba chiall do bheannacht den sórt sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus nuair a chuala sí sin, chuir a chainnt trioblóid uirthí, agus bhí sí ag meabhrughadh cad é ba chiall leis an bheannughadh siúd.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Acht do bhí buaidhreadh mór uirthi de bharr na cainnte, agus do bhí sí ag machtnamh ’n‐a h‐intinn ar cad ba chiall do’n bheannú sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhachtnuigh sí cad é an saghas an beannú san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sórt beannú é seo.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:29
12 Tagairtí Cros  

Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”


Agus nuair a chonaic Zachairias é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air.


Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”


agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.


Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí.


Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.


Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo


Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí