Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Acht do bhí buaidhreadh mór uirthi de bharr na cainnte, agus do bhí sí ag machtnamh ’n‐a h‐intinn ar cad ba chiall do’n bheannú sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Ach is é rud, chuir an rá sin faoi imní mhór í, agus í ag smaoineamh ina hintinn cad é ba chiall do bheannacht den sórt sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus nuair a chuala sí sin, chuir a chainnt trioblóid uirthí, agus bhí sí ag meabhrughadh cad é ba chiall leis an bheannughadh siúd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhachtnuigh sí cad é an saghas an beannú san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sórt beannú é seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

29 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:29
12 Tagairtí Cros  

Agus do‐rinneadar machtnamh eadortha féin, g‐á rádh, Ní thugamar aon arán linn. Agus thug Íosa fá deara é,


Agus ar n‐a fheicsin do Shacharias; tháinig buaidhreadh agus eagla air.


Agus tháinig sé chúichi isteach, agus adubhairt sé léi, Go mbeannuighthear duit‐se atá lán de ghrása, atá an Tighearna id’ fhochair.


Agus gach uile dhuine do‐chuala iad, do thaisceadar ’n‐a gcroidheachaibh iad, g‐á rádh, Créad atá i ndán do’n leanbh so? Óir do bhí lámh an Tighearna leis.


Acht do choimhéad Muire na neithe sin go h‐iomlán, ag machtnamh ortha ’n‐a croidhe istigh.


Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.


Agus a fhaid do bhí Peadar ag iarraidh a dhéanamh amach créad ba chiall do’n aisling do chonnaic sé, féach, na fir do chuir Cornélius uaidh, tar a éis dóibh a fhiafruighe cá raibh teach Shíomóin, do bhíodar ’n‐a seasamh ag an doras,


Agus adubhairt seisean, ag féachaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Thighearna? Agus adubhairt sé leis, Atá t’urnaighthe agus do chuid déirce imthighthe suas mar chuimhneachán i láthair Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí