Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 1 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012


An Réamhrá

1 Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc,

2 de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;

3 níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duit-se, a Theofal ró-uasail,

4 chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu.


Saolú Eoin Baiste dá Réamhinsint

5 Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zacairiá, de shealaíocht Aibia, agus bean aige dʼiníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.

6 Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir aitheanta agus reachtanna uile an Tiarna.

7 Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.

8 Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta,

9 gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó;

10 agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise.

11 Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise.

12 Agus nuair a chonaic Zacairiá é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air.

13 Ach dúirt an t-aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zacairiá, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.

14 Beidh áthas ort agus gairdeas, agus beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú.

15 Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,

16 agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia.

17 Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n-aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”

18 Agus dúirt Zacairiá leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.”

19 Dúirt an t-aingeal leis dá fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus an dea-scéala seo a thabhairt duit.

20 Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomh-líonfar ina dtráth féin.”

21 Bhí an pobal ag feitheamh le Zacairiá agus ba ionadh leo é a bheith ag déanamh moille sa sanctóir.

22 Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus dʼfhan balbh.

23 Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile.

24 Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus dʼfholaigh í féin ar feadh cúig mhí,

25 ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun mʼaithis i measc daoine a thógáil díom.”


Sanas an Aingil

26 Sa séú mí, cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat

27 chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus ba é ab ainm don mhaighdean, Muire.

28 Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Is é do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mhná.”

29 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sórt beannú é seo.

30 Ach dúirt an t-aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia.

31 Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air.

32 Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is Airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó rí-chathaoir Dháiví a athair,

33 agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacób go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”

34 Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam dʼfhear céile?”

35 Agus dúirt an t-aingeal dá freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar ‘Mac Dé’ air.

36 Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is í seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid.

37 Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.”

38 Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir dʼfhocail.” Agus dʼimigh an t-aingeal uaithi.


An Fiosrú

39 Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus dʼimigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,

40 agus chuaigh isteach i dteach Zacairiá agus bheannaigh dʼEiliosaibeit.

41 Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh,

42 agus mʼéigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mhná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.

43 Agus conas a tharla seo dom-sa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?

44 Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas.

45 Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”

46 Agus dúirt Muire: “Mórann mʼanam an Tiarna,


An Móradh (Magnificat)

47 agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.

48 Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhan-óglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.

49 Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,

50 agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.

51 Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.

52 Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus dʼardaigh sé daoine ísle;

53 Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.

54 Dʼfhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire–

55 de réir mar gheall sé dar n-aithreacha– dʼAbrahám agus dá shliocht go brách.”

56 Dʼfhan Muire aici timpeall trí mhí, agus dʼfhill abhaile.


Saolú Eoin Baiste: A Thimpeallghearradh

57 Tháinig a hionú dʼEiliosaibeit agus rug sí mac.

58 Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comh-ghairdeas léi.

59 Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zacairiá.

60 Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.”

61 Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t-ainm sin air.”

62 Ach dʼfhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air.

63 Agus dʼiarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is é Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de.

64 Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé.

65 Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile,

66 agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.

67 Agus líonadh Zacairiá a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht dá rá:


An Beannaithe (Benedictus)

68 “Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;

69 agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach a sheirbhísigh Dáiví–

70 de réir mar a labhair trí bhéal a naomhfháithe anallód–

71 mar shaoradh dúinn ónár naimhde agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,

72 ag déanamh trócaire mar sin ar ár n-aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa–

73 ar an mionn a mhionnaigh sé dʼAbrahám ár n-athair–

74 go dtabharfadh sé dúinn, tar éis ár saortha as láimh ár naimhde,

75 a bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.

76 Agus tusa, a leanbh, glaofar ort-sa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthair,

77 ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal trí mhaithiúnas a bpeacaí

78 de chionn thrócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar Neimhe,

79 chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh ar bhóthar na síochána.”

80 Agus dʼfhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin dʼIosrael.

© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

Lean orainn:



Fógraí