Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird thú, agus d’á bhrígh sin tabharfar ar an ngein naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Agus dúirt an t‑aingeal léi, “Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort, agus glacfaidh cumhacht an Té is Airde faoina scáth thú; agus dá bhrí sin gairfear leanbh naofa den leanbh atá le teacht ar an saol, is ea, gairfear Mac Dé de.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus dubhairt an t-aingeal léi, ghá freagairt: Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an té is Áirde thú. Dá bhrígh sin fosta, an Neach Naomhtha a bhéarfas tú ar an tsaoghal, goirfear Mac Dé de.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé léi, Tuirlingeochaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an Té is Aoirde thú: agus, d’á bhrigh sin, an té béarfar, glaodhfar naomhtha air, Mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Agus dúirt an t-aingeal dá freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar ‘Mac Dé’ air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

35 Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:35
26 Tagairtí Cros  

Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naomh.


Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici.


Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.


An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.


Tusach Soisgéil Íosa Críost, Mhic Dé.


Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé.


ag triall ar mhaighdin a bhí luaidhte le fear dar bh’ainim Ióseph, agus Muire ab ainim do’n mhaighdin.


Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Conus a bheidh san amhlaidh agus gan aithne fir agam-sa?


Agus féach, siní Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi.


Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b’é Mac Dé é seo.


D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


Ach do sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur bh’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ghá chreideamhaint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.


Agus, ag cur na slíghe dhíobh dóibh thánadar mar a raibh uisge, agus dubhairt an coillteánach: Féach an t-uisge, cad ’tá am chosg air go mbaistfí mé?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí